Written answers

Thursday, 7 July 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Údarás na Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 174: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an mbeidh buiséad caipitiúil de €12 mhilliún ar a laghad deimhnithe ag an Rialtas d'Údarás na Gaeltachta in 2012 chun go mbeidh siad in ann a gcuid oibre a chur i gcrích agus líon os cionn 1,000 post a chruthú an bhliain seo chugainn. [18431/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Déanfar cinneadh maidir le maoiniú Údarás na Gaeltachta do 2012 mar chuid de phróiseas na meastachán agus i gcomhthéacs an Athbhreithnithe Chuimsithigh ar Chaiteachas Poiblí atá ar siúl i láthair na huaire.

Mar atá curtha in iúl don Teach cheana, thóg an Rialtas cinneadh ar 31 Bealtaine 2011 go mairfidh an status quo maidir le feidhmeanna reatha Údarás na Gaeltachta go ginearálta, a chuid feidhmeanna fiontraíochta san áireamh, faoi réir:

(a) foráil reachtúil a dhéanamh chun cumhacht a thabhairt don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta treoir a thabhairt don Údarás a chuid acmhainní teoranta a dhíriú i dtreo earnálacha fiontraíochta ar leith; agus

(b) meicníocht a fhorbairt chun go mbeidh an tÚdarás in ann comhoibriú le háisíneachtaí fiontraíochta eile, ach go háirithe i gcás tograí suntasacha Gaeltachta a bhfuil poitéinseal ard acu.

Ag eascairt as an gcinneadh sin, tá tús curtha ag oifigigh mo Roinne le comhráite lena gcuid comhghleacaithe sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus sa Roinn Fiontar, Post agus Nuálaíochta chun an mheicníocht seo a fhorbairt. Beidh ionchur ag na háisíneachtaí forbartha fiontraíochta sna comhráite seo chomh maith. Leis an meicníocht nua seo, táim ag súil go bhfaighfear an luach is fearr ar airgead agus an toradh is fearr maidir le cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht ó na hacmhainní teoranta atá ar fáil ón Státchiste san aeráid eacnamaíoch reatha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.