Written answers
Tuesday, 10 May 2011
Department of Transport, Tourism and Sport
An Caighdeán Oifigiúil
9:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 208: To ask the Aire Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt cén dul chun cinn atá déanta ag an gCoiste Athbhreithnithe ar an gCaighdeán Oifigiúil a bhunaigh an Rialtas anuraidh, an mbeidh an obair críochnaithe faoi lár na bliana seo mar a bhí beartaithe; an ndeimhneoidh sí go mbeidh aon eagrán nua den Chaighdeán atá le foilsiú amach anseo bunaithe ar shaothar críochnaithe an Choiste Athbhreithnithe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10351/11]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Ag an bpointe seo, tá an próiseas athbhreithnithe dá dtagraíonn an Teachta dó ag teacht chun críche. Comhairlítear dom go ndearnadh 5 cinn de thréimhsí comhairliúcháin a reáchtáil agus gur thapaigh an pobal an deis le haighneachtaí a chur isteach ar na moltaí éagsúla. Tuigim go bhfuil i gceist go mbeidh dhá cruinniú eile den Choiste Stiúrtha ann agus go bhfuiltear ag súil leis go gcuirfear bailchríoch ar a gcuid oibre an mhí seo chugainn.
Mar a thuigfidh an Teachta, beidh sé mar ghnó don Rialtas cinneadh a dhéanamh i dtráth cuí maidir le Caighdeán Oifigiúil uasdátaithe a fhoilsiú.
No comments