Written answers

Wednesday, 24 February 2010

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Údarás na Gaeltachta

9:00 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 166: To ask the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs cathain a bheidh an chéad toghchán eile d'Údarás na Gaeltachta ann; and if he will make a statement on the matter. [9372/10]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Reachtáladh an toghchán deireanach d'Údarás na Gaeltachta ar 2 Aibreán 2005. Faoi réir na reachtaíochta faoina bhfeidhmíonn an tÚdarás, ní mór an chéad toghchán eile a reachtáil am éigin sa tréimhse idir 1 Aibreán 2009 agus 1 Deireadh Fómhair 2010. Mar is eol don Teachta, tá moltaí éagsúla maidir leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht - a mbeadh impleachtaí acu don Údarás amach anseo - á bplé faoi láthair i gcomhthéacs an dréacht-Straitéis 20-bliain don Ghaeilge, a foilsíodh le déanaí. Sa chomhthéacs sin, níl sé i gceist agam cinneadh a thógáil ag an bpointe seo maidir le dáta don chéad toghchán eile don Údarás. Más gá, áfach, agus má oireann sé do chúinsí an cháís, is féidir liom an cás a bhreithniú maidir le Bille a thabhairt os comhair an Tí chun síneadh a chur le tréimhse chomhaltaí an Bhoird reatha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.