Written answers

Wednesday, 31 January 2007

Department of Arts, Sport and Tourism

An Teanga Ghaeilge

8:00 am

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context

Question 1081: To ask the Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta cá fhad ar an meán a thógann sé air litir a fhreagairt as Béarla i gcomparáid leis an méid ama a thógann sé air litir a fhreagairt as Gaeilge. [2390/07]

Photo of John O'DonoghueJohn O'Donoghue (Kerry South, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Laistigh de na spriocanna ama atá leagtha síos i gCairt Chustaiméirí na Roinne tugtar admháil ar gach cumarsáid scríofa laistigh de 5 lá oibre óna fháil agus tugtar freagra air ar a laghad 95% laistigh d'fhiche lá oibre agus baineann an Chairt seo le comhfhreagras as Gaeilge agus as Béarla.

Déantar gach iarracht cloí leis na cuspóirí atá leagtha síos sa Chairt Chustaiméirí agus tá sé seo amhlaidh maidir le comhfhreagras i nGaeilge nó i mBéarla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.