Written answers
Thursday, 1 June 2006
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Soláthar Scoileanna
5:00 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 200: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuair a hoifig nó an Roinn Oideachais achainí agus moladh an-chuimsitheach i dtaca le forbairt scoile ó choiste eagraithe Mheánscoil Charmain i mí na Bealtaine agus i mí Mheán Fómhair 2005 agus cad iad na céimeanna atá glactha ó shin chun gníomhú ar na pointí atá ardaithe sa litir sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith. [21391/06]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 201: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuair a hoifig nó an Roinn Oideachais nó an eol di go bhfuil moladh curtha ag coiste eagraithe Mheánscoil Charmain faoi bhráid an Bhoird Forbartha do Chontae Loch Garman chun talamh a chur ar leataobh d'fhonn scoil a thógáil agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith. [21392/06]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 202: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén uair a dhéanfar cinneadh maidir leis an méid a bhí in achainí agus sa mholadh cuimsitheach a fuair a Roinn i mí na Bealtaine agus i mí Mheán Fómhair 2005 i dtaca le forbairt scoile ó choiste eagraithe Mheánscoil Charmain; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith. [21393/06]
Mary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tógfaigh mé Ceisteanna Uimh. 200 go dtí 202 uilig le chéile.
Tá iarratas faighte ag mo Roinnse i ndáil le Meánscoil Lán-Ghaeilge a bhunú i gContae Loch Garman. Tá sé curtha in iúl don iarratasóir go bhfuil Rannóg Pleanála Scoile mo Roinne i mbun athbhreithnithe ar sholáthar oideachais i Loch Garman i láthair na huaire. Tá an t-iarratas atá i gceist á bhreithniú sa chomhthéacs sin. Déanfar teagmháil go díreach leis an iarratasóir arís chomh luath agus a bheidh an t-athbhreithniú curtha i gcrích.
No comments