Written answers

Thursday, 19 May 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Scéim Labhairt na Gaeilge

5:00 pm

Photo of Eamon GilmoreEamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 20: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na contaetha is mó ina bhfuil laghdú tagtha ar líon na dteaghlach atá tar éis deontas iomlán a fháil faoi Scéim Labhairt na Gaeilge i mbliana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16636/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Níl figiúirí críochniúla don scoilbhliain 2004/05 ar fáil go fóill. Leagtar amach sa Tábla leis seo, áfach, líon na dteaghlach a thuill an deontas iomlán faoi Scéim Labhairt na Gaeilge i ngach contae do na scoilbhlianta 2002/03 agus 2003/04. Cé go raibh laghdú ar líon na dteaghlach a thuill an deontas iomlán i gContae Chiarraí don scoilbhliain 2003/4 i gcomparáid leis an bhliain 2002/03, ní miste a lua go raibh titim ar líon na n-iarratas ó 432 teaghlaigh go 381 sa tréimhse chéanna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.