Written answers
Tuesday, 5 October 2004
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Polasaí Dátheangach
9:00 pm
Fergus O'Dowd (Louth, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 221: To ask the Aire Gnóthaà Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta aige ó ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, agus an bhfuil go leor airgid ag na 650 comhlachtaà pobail chun leibhéil agus caighdeáin fheabhsaithe seirbhÃsà poiblà a chur ar fáil trà Ghaeilge, agus an gceapann sé go mbeidh breis airgid ag teastáil uathu. [22673/04]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá dul chun cinn suntasach déanta ag mo Roinnse ó thaobh cur i bhfeidhm fhorálacha an Achta. I measc na bprÃomh-chéimeanna atá tógtha go dáta: tá â¬500,000 curtha ar fáil i Meastacháin mo Roinne don bhliain seo chun Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla a mhaoiniú agus tá an tUasal Seán à Cuirreáin ceaptha ag an Uachtarán mar An Coimisinéir Teanga le héifeacht ó 23 Feabhra 2004; rinne mé ordú tosach feidhme ar 19 Eanáir 2004 a thugann feidhm don chuid is mó d'fhorálacha an Achta le héifeacht ón lá sin agus ó 1 Bealtaine 2004 i gcás alt 10; agus foilsÃodh dréacht de threoirlÃnte faoi alt 12 den Acht ag tús mà Iúil chun cuidiú le comhlachtaà poiblà chun caighdeáin a sheirbhÃsà trà mheán na Gaeilge a fheabhsú ar bhealach comhtháite, céimiúil agus aontaithe; cuireadh cóip ar aghaidh chuig gach comhlacht poiblà agus iarradh orthu a dtuairimà a chur ar fáil do mo Roinnse le breithniú.
Mar is eol don Teachta, nà foláir, d'fhoilsigh mo Roinnse an leagan daingnithe de na treoirlÃnte ar an Déardaoin seo chaite, agus d'fhógair mé chomh maith ainmneacha an chéad 25 chomhlacht poiblà atá i mbun dréacht-scéim a ullmhú i gcomhréir leis na treoirlÃnte sin. Tá scéim mo Roinne féin faoin Acht, a bheidh mar mhúnla do chomhlachtaà poiblà eile, foilsithe inniu freisin.
Maidir le hullmhú scéimeanna faoin Acht, nà miste dom a mhÃniú go dtosnaÃonn an próiseas le fógra i scrÃbhinn chuig an comhlacht poiblà i gceist ón Aire Gnóthaà Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, agus go bhfuil tréimhse suas go sé mhà ag an gcomhlacht le dréacht-scéim a ullmhú agus a chur faoi bhráid. Caithfear a thuiscint, mar sin, gur beag an lÃon scéimeanna a bheidh i bhfeidhm sa ghearr-thréimhse.
Mar a dúirt mé, táim sásta go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh ag mo Roinnse maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha an Achta ar bhonn chéimiúil. Táim sásta freisin go n-éireoidh leis na comhlachtaà poiblà na dualgais reachtúla a thitfidh orthu go céimiúil faoin Acht a chomhlÃonadh agus go deimhin go nglacfaidh said leis an dúshlán le meon dearfach agus sa spiorad ceart. Ar ndóigh, beidh gach scéim dréachtaithe ag na comhlachtaà poiblà i gcomhthéacs agus ar bhonn na n-acmhainnà â idir airgead agus foireann â atá acu nó a bheidh ar fáil dóibh le linn thréimhse na scéime. Nà féidir gach rud a bhaint amach thar oÃche agus, mar a dúirt mé ón dtús, is à an aidhm atá agam ná go mbeidh feabhsúcháin á mbaint amach â thar thréimhse roinnt scéimeanna, b'fhéidir â ar leibhéal agus ar chaighdeán na seirbhÃsà poiblà a bhÃonn á gcur ar fáil trà Ghaeilge, de réir éilimh.
An méid sin ráite, is gnó do na comhlachtaà poiblà féin, ar ndóigh, a chinntiú go gcomhlÃonfar na dualgais a thitfidh orthu faoin Acht seo sa chaoi chéanna agus a chomhlÃontar dualgais faoi aon reachtaÃocht eile.
No comments