Seanad debates

Tuesday, 18 November 2025

An tOrd Gnó - Order of Business

 

2:00 am

Garret Kelleher (Fine Gael)

I dtosach báire, déanaim mo chomhbhrón leis na teaghlaigh ar fad a bhí bainteach leis an tubaiste uafásach a bhí againn i gContae Lú.

Chomh maith le cuid mhór Seanadóirí eile, tugaim ómós dár gcomhghleacaí an Teachta Paschal Donohoe atá ag éirí as a phost mar Aire Airgeadais. Is duine cumasach tuisceanach cineálta é Paschal. Is duine é atá an-stuama ó thaobh chúrsaí airgeadais de.Bhí sé ag iarraidh go mbeadh an t-airgead againn an t-am ar fad nuair a bhí sé ag teastáil, cosúil leis an bpaindéim a bhí againn agus an saghas sin ruda. Gúim gach rath air ina phost nua mar stiúrthóir bainistíochta an Bhainc Dhomhanda. Nil aon amhras agam go n-éireoidh go geal leis in Washington. Is mian liom an méid sin a rá.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.