Seanad debates

Tuesday, 7 October 2025

An tOrd Gnó - Order of Business

 

2:00 am

Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)

D'ardaigh mé rud éigin an tseachtain seo caite mar gheall ar mhaoiniú ar son TG4 ionas go mbeadh neamhspleáchas eagarthóireachta aige ina sheomra nuachta agus sna cláir nuachta a chuireann sé ar fáil. Fáiltím roimh an mhaoiniú sa bhuiséad inniu ón Roinn a chiallaíonn go mbeidh €65.4 milliún ar fáil do TG4, lena n-áirítear méadú €5.4 milliún, chun ábhar Gaeilge ar ardchaighdeán, cláir do pháistí agus seirbhísí nuachta níos leithne a chinntiú. Níl na mionsonraí againn go fóill, ach mar a dúirt mé an tseachtain seo caite, níl cead ag TG4 na meáin shóisialta a úsáid. Níl cead aige cuntais a bheith acu, cuntais Instagram, X agus TikTok ina measc. Tá súil agam go dtiocfaidh an neamhspleáchas leis an maoiniú seo. Fáiltím roimh an maoiniú agus is féidir linn fanacht ar na sonraí ar fad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.