Seanad debates
Thursday, 2 October 2025
Nithe i dtosach suíonna - Commencement Matters
Schools Building Projects
2:00 am
Garret Kelleher (Fine Gael)
Gabhaim buíochas leis an Leas-Chathaoirleach agus leis an Aire Stáit as ucht teacht isteach maidin inniu le héisteacht liom an todhchaí Ghaelscoil an Chaisleáin i mBaile an Chollaigh a phlé. Tús maith leath na hoibre a dheireann phobal na Gaeilge i gcónaí, agus is fíor é sin i gcás Gaelscoil an Chaisleáin ar an taobh iarthar de Bhaile an Chollaigh i gCorcaigh. Tá tús maith faighte ag an scoil. Le breis is ocht mbliana anuas bhí ceannaireacht aislingeach ón bpríomhoide iontach Máire Bean Uí Shé agus ón bhfoireann ar fad.
Bunaíodh an scoil i bhfoirgneamh sealadach i gCumann Rugbaí Bhaile an Chollaigh in 2017. Chríochnaigh an chéad rang de pháistí a tháinig isteach leis an mbunscolaíocht níos luaithe i mbliana, tar éis ocht mbliana áthasacha a chaitheamh sa scoil shealadach. Táim an-bhródúil as bheith i mo bhall de bhord bainistíochta na scoile, agus ag cruinniú boird a bhí againn aréir, bhíomar go léir an-bhuartha mar gheall ar an gcéad chaibidil eile i scéal na scoile. Táimid ag crosbhóthar anois ó thaobh céard atá le déanamh ag an Roinn Oideachais agus tá dhá rogha aige.
Is féidir scoil nua a thógáil le hocht seomra ranga nó scoil ghlan nua a thógáil le sé sheomra ranga déag. Tá an scoil ag fás le breis is ocht mbliana anuas in ainneoin go bhfuil teorann ann faoi láthair d’aon sraith amháin. Go dtí seo, bhíodh sé mar aidhm ag an scoil timpeall ochtar nó naonúr is 20 a bheith i ngach rang, cé go bhfuil éileamh ann do i bhfad níos mó ná sin. Má thógann muid an bhliain seo chugainn mar shampla, beidh triúr is fiche de dheirfiúracha agus deartháireacha de dhaltaí atá fós sa scoil ag teacht isteach. Ciallaíonn sé sin nach mbeidh ach cúig nó sé d’áiteanna fágtha do gach páiste eile atá ag iarraidh teacht isteach. Chomh maith leis sin, tá daonra Bhaile an Chollaigh, an baile is slachtmhara in Éirinn agus daonra an pharóiste inar fhás mé féin aníos, ag dul i méid go tapa bliain i ndiaidh bliana.
Ó thaobh an Ghaeilge de, tá an-dul chun cinn déanta i mBaile an Chollaigh le breis is 40 bliain anuas ó bhunaíodh Gaelscoil Uí Ríordáin i 1983 faoi stiúradh Gabriel Ó Cathasaigh, agus níos déanaí nuair a bhunaigh Pat Kinsella agus a chomhghleacaithe Coláiste Choilm sa bhaile i 1991. Bhí na Gaelscoileanna ar fad bunaithe de bharr éileamh sa bhaile d'oideachas trí mheán na Gaeilge. Éagóir cheart a bheadh ann cinneadh a dhéanamh anois scoil ocht seomra ranga a thógáil nuair atá an t-éileamh fós ann do scoil i bhfad níos mó agus a bheadh i bhfad níos oiriúnaí do phobal Bhaile an Chollaigh.
As well as the need to have a 16-classroom school, there is also the issue that Gaelscoil an Chaisleáin is a multidenominational school. We need to give parents the opportunity to send their children to a school of their choice. The demand is there. The population of the town is growing significantly and it would be a retrograde step at this point as we make a crucial decision on the school’s future to take a decision to build an eight-classroom school rather than a 16-classroom one. A 16-classroom school is what is needed, the demand is there, the school is already full and the community is growing. I would very much like further engagement with the Department on the importance of delivering a 16-classroom school for Gaelscoil an Chaisleáin in Ballincollig.
No comments