Seanad debates

Tuesday, 30 September 2025

An tOrd Gnó (Atógáil) - Order of Business (Resumed)

 

2:00 am

Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)

Bhí sé iontach an tacaíocht ar fad maidir leis an nGaeilge agus an chraoltóireacht trí mheán na Gaeilge a chloisteáil mar is é sin atá ar intinn agam a phlé tráthnóna. Ba mhaith liom aird a tharraingt ar an éiginteacht atá ann go fóill mar gheall ar sheirbhís nuachta neamhspleách do TG4. In 2022, ghlac an Rialtas le moladh ó Choimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fail dá lucht féachana, rud a luaigh an Seanadóir Flynn cúpla nóiméad ó shin. Faoi láthair, is RTÉ a chuireann “Nuacht TG4” agus “Seacht Lá” ar fáil do TG4.Mar thoradh ar sin áfach, níl sé de cheart ag iriseoirí nó leiritheoirí nuachta scéal úr no nua a bhriseadh ar TG4, go dtí go bhfuil sé briste nó craolta ar RTE.

Anuas ar sin, níl sé de cheart ag Nuacht TG4 cúntas Instagram no X nó Tiktok a bhunú — rud atá an aisteach do dhaonolathas na tíre seo. I mo bharúil, tá sé de cheart ag pobal labhartha na gaeilge a chuid nuacht a fháil trí mheán na Gaeilge, agus is cosúil gur sin a dúirt an moladh o Choimisiún um Thodhchaí an Meán trí bliana ó shin. Cén fáth mar sin go bhfuil moill ar an bpróiséas neamhspleachas? Ní dóigh liom go bhfuil sé maith go leor, nach bhfuil aon dul chunn chinn déanta ón uair sin.

Rud amháin eile atá ag cur isteach orm maidir le seo ná go bhfuil stop curtha leis an bproiseas earcaíochta do cheannaire nuachta agus cursaí reatha TG4. Fógraíodh an post mí Bealtaine seo caite nuair a tháinig Deirdre Ní Choistín i gcomhar-bacht ar Alan Esslemont mar ardstiúrthóir an stáisiúin. De réir tuairiscí anois, tá stop curtha leis an bpróiséas sin agus ní fios cén fáth.

A cheannaire, tá an spéis chéanna i gcúrsaí nuachta ag lucht féachana na Gaeilge is atá ag lucht féachana an Bhéarla. Braitheann daonlathas láidir ar sheirbhís nuachta cruinn, agus tá sé de dhualgas orainn san Oireachtas an cheist a chur ar an Roinn, ar RTÉ agus ar Choimisiúin na Meán céan fáth nach bhfuil aon dul chunn cinn déanta maidir le seo ó 2022 ar aghaidh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.