Seanad debates
Tuesday, 8 July 2025
An tOrd Gnó - Order of Business
2:00 am
Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Ba mhaith liom aird a tharraingt ar chúis imní agus fearg i measc roinnt mhaith múinteoirí Gaeltachta. Aontaímid ar fad sa Teach seo go bhfuil géarghá le tacaíocht agus aitheantas dóibh siúd a bhfuil ag coimeád ár dteanga beo bríomhar. Déanann múinteoirí Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí an-chuid oibre ina leith, ach ba mhaith liom labhairt inniu mar gheall ar mhúinteoirí atá ag obair agus ag feidhmiú sna scoileanna Gaeltachta. Táim cinnte go bhfuil an Ceannaire ar an eolas faoin liúntas a bhíodh ar fáil do mhúinteoirí i scoileanna Gaeltachta. Cuireadh deireadh leis an liúntas sa bhliain 2012. Idir 2017 agus 2018 bhí sé mar dhualgas ar scoileanna Gaeltachta glacadh nó diúltú le scéim aitheantas mar scoil Ghaeltachta ionas go bhféadfaidís stádas oifigiúil a sholáthar ón Stát. An fhadhb atá ann anois áfach ná go bhfuil múinteoirí a thosaigh ag múineadh sna scoileanna Gaeltachta i 2012 ar aghaidh, nach bhfuil an liúntas á fháil acu agus múinteoirí i scoileanna eile a dhiúltaigh leis an bpróiseas aitheantas ach a bhí ag múineadh roimh 2012, á fháil. Go simplí, tá éagóir i gceist. Tá múinteoir amháin atá ag obair i scoil Ghaeltachta a dhéanann obair na gcapall chun aitheantas oifigiúil a fháil mar scoil Ghaeltachta, nach bhfuil ag fáil an liúntas, agus múinteoir eile b'fhéidir míle nó dhó síos an bóthar atá ag fáil liúntas go fóill cé gur éirigh an scoil ón scéim aitheantais agus atá ag feidhmiú anois mar scoil lán-Bhéarla. Tá sé mícheart agus éagórach. Tuigim go mbíonn moill i gceist uaireanta leis na scéimeanna seo agus an glanadh suas a thagann ina dhiaidh ach tá sé riachtanach go dtugaimid tacaíocht cheart do na múinteoirí atá ag múineadh sna scoileanna Gaeltachta seo agus ag coimeád ár dteanga dhúchais agus an cultúr a bhaineann leis beo beathach sna Gaeltachtaí. Ba mhaith liom díospóireacht a bheith againn mar gheall ar an scéim sin agus an liúntas atá de dhíth ar roinnt mhaith múinteoirí Gaeltachta.
No comments