Seanad debates
Wednesday, 19 February 2025
An tOrd Gnó - Order of Business
2:00 am
Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael) | Oireachtas source
Ba mhaith liom aire a tharraingt ar chúis imní do phobal na Gaeilge i mo cheantar. I mí Mheán Fómhair seo caite, 2024, gealladh Gaelcholáiste do dhaltaí Gaelscoile sa cheantar scoile Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8. Tháinig an gealltanas seo ón iarAire Oideachais, Norma Foley, agus ón Roinn tar éis feachtas trí bliana i gcúig Gaelscoileanna sa cheantar atá luaite agam: Bunscoil Synge, Gaelscoil Eoin, Gaelscoil Inse Chór, Gaelscoil Lios na nÓg agus Scoil Bhríde. Aimsíodh suíomh ag an am agus dúradh go gcuirfear fáilte roimh dhaltaí sa Ghaelcholáiste nua i mí Mheán Fómhair, 2026. Ní raibh aon chumarsáid eile ón Roinn go dtí an tseachtain seo caite. Tuigimid go raibh gach duine gnóthach leis an olltoghchán. Cinnte, ba rud dearfach í an gealltanas a thug Norma Foley cúig mhí ó shin, ach is cosúil anois go bhfuil sé i gceist ag an Roinn cónascadh a dhéanamh idir an scoil lán-Bhéarla atá ar an suíomh faoi láthair agus an Gaelcholáiste nua a bheidh ann do bhuachaillí agus cailíní; ar a laghad i dtosach in 2026. An fhadhb is mó atá i gceist anseo ná cúrsaí cumarsáide. Tá an-chuid éiginnteacht ann do na tuismitheoirí, na mhúinteoirí agus na dhaltaí sa scoil atá ann faoi láthair.Is scoil DEIS faoi phátrúnacht ERST atá i gceist agus níl pobal na scoile sin sásta feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Anuas air sin, níl an foirgneamh mór go leor faoi láthair. Níl leithreas ann do chailíní, mar shampla, agus tá easpa saotharlann ann d'ábhair éagsúla. Ó thaobh teangeolaíochta de, ar an taobh eile, ba cheart go mbeadh roinnt shoiléir idir an dá scoil, más féidir, ach ní fios go fóill conas a dhéanfar é sin.
Ba mhaith liom a léiriú freisin nach bhfuil Gaelcholáiste ag daltaí i mBaile Átha Cliath 12, an áit ina bhfuil mise i mo chónaí. Is dóigh liom go bhfuil an t-éileamh i bhfad níos mó ná mar atá fógartha go dtí seo. Tá Aire Oideachais nua againn anois agus táim den bharúil go bhfuil deis anois ag Helen McEntee teacht anseo ar dtús agus na mionsonraí a léiriú agus cur síos cuimsitheach a thabhairt ar an amchlár. B'fhéidir go mbeadh sí in ann cuairt a thabhairt ar an suíomh chun tuiscint níos fearr a fháil ar an dúshlán atá amach romhainn. Is iontach an rud é go bhfuil plean ann do Ghaelcholáiste sa cheantar, ach tá i bhfad níos mó oibre le déanamh chun é sin a chur i gcrích. Is cúis imní é do phobal na Gaeilge sa cheantar agus do na daltaí, na tuismitheoirí agus do na múinteoirí sa scoil lánBhéarla atá ag feidhmiú ar an suíomh faoi láthair.
No comments