Seanad debates

Wednesday, 6 March 2024

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

10:30 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Tá sé an-láidir i gConamara cinnte, nó in áiteanna i gConamara ar aon nós. Cuirim fáilte roimh an tAire Stáit, an Teachta O’Donovan, agus roimh an tAire, an Teachta Martin, freisin, atá díreach imithe.

Tá sé fógartha i dtorthaí an daonáirimh in 2022 go bhfuil beagnach 200,000 duine ábalta an Ghaeilge a labhairt go han-mhaith trasna na tíre agus beagnach 600,000 duine a labhraíonn í go maith. Caithfidh mé a rá go dtugann na torthaí sin léaró dóchais dúinn san obair a bhíonn a dhéanamh againn. Tháinig thart ar 100,000 duine ón Úcráin go dtí an tír seo i rith an chogaidh. Ina measc, tá páistí atá ag freastal ar scoileanna sna Gaeltachtaí agus is iontach a chloisteáil go mbíonn páistí óga ón Úcráin ag labhairt Gaeilge chomh maith le páistí na háite. Freisin, cuireann na páistí seo leis na huimhreacha sna scoileanna agus tá muid in ann a rá go gcoinneoidh na páistí sin scoileanna beaga oscailte trasna na tíre. Is cúis dóchais é seo agus léiríonn sé na féidearthachtaí do pháistí óga Gaeilge a fhoghlaim in aon áit sa tír má tá na múinteoirí Gaeilge, agus toil, ann an Ghaeilge a mhúineadh.

Tá an Tionól ag Cnoc an Anfa ar ais ag obair agus beidh an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas i bhfeidhm freisin mar gheall air sin. Níl a fhios agam an raibh an tAire Stáit, an Teachta O'Donovan, nó an tAire, an Teachta Martin, ag an chruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas. Is í an fhadhb atá ann - tá sé seo ráite ag an Aire, an Teachta Martin - ná go mbíonn dúshláin ag baint le hobair Fhoras na Gaeilge ar bhonn Thuaidh-Theas. Bhí fadhb ann de dheasca nach raibh an Tionól ag feidhmiú agus dá bharr sin, bhí fadhb le maoiniú Fhoras na Gaeilge. Tá súil agam, de bharr go bhfuil an Tionól ar ais, go mbeidh réiteach ar na fadhbanna sin. Tá Aire Oideachais nua, Paul Givan, sa Tuaisceart. Chuaigh sé ar cuairt chuig Gaelcholáistí sa Tuaisceart agus cuirim fáilte roimhe sin. Is siombail maith é don chomhoibriú a theastaíonn uainn ar an oileán.Is mór an náire go dtarraingtear graifítí ar chomharthaí bóithre i mBéal Feirste, ag scriobáil amach an t-ainm Ghaeilge d'eastáit tithíochta. É sin ráite, an bhfuil aon difríocht ann an t-ainm i mBéarla ar chomharthaí bóithre a ghlanadh amach ar an taobh seo den oileán? Ba cheart go bhfágfaí na comharthaí seo mar atá leis an dá ainm oifigiúil orthu.

Níor luaigh an tAire, an Teachta Martin, agus b'fhéidir go mbeidh rud éigin le rá ag a, Aire Stáit, aon rud faoi thoghachán Údarás na Gaeltachta. Tá fhios agam go bhfuil cinneadh á dhéanamh faoi seo, faoi thoghachán a thabhairt ar ais, cé nach raibh sé leagtha amach chomh soiléir sin i gclár oibre ag an Rialtas, na toghacháin a thabhairt ar ais. An bhfuil cinnteacht fós go mbeidh an toghachán sin ag dul ar aghaidh ar an 7 Méitheamh, ar an lá céanna leis na toghacháin áitiúla agus an toghchán do Phairlimint na hEorpa?

Cuirim fáilte leis an nuacht go raibh níos má ná 1,000 post nua cruthaithe sa Ghaeltacht in 2023 ag Údarás na Gaeltachta. Tá sé ráite go minic agam go bhfuil an t-ádh linn sa Ghaeltacht go bhfuil an t-údarás againn ag feidhmiú ar son na Gaeltachtaí. Tá súil agam go bhfuil an Cathaoirleach Gníomhach an-sásta le heagraíocht Stáit ag feidhmiú ar son Chontae Ros Comáin agus áiteanna mar sin. Tá an t-údarás ag feidhmiú ar son na Gaeltachtaí agus tá sé fíor-thábachtach go bhfuil an maoiniú ceart aige ó thaobh an buiséad caipitil mar tá a lán oibre á dhéanamh aige agus ní bheidh aon airgid ag dul amú.

Gealladh polasaí don Ghaeilge ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal sa chlár Rialtas reatha, agus cé go bhfuil obair ag dul ar aghaidh ar pholasaí do na scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht, níl aon tús curtha fós leis an bpolasaí don chóras oideachais i gcoitinne, ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal, a fhorbairt. Tá 93% de na daltaí nach bhfuil aon pholasaí á fhorbairt dóibh faoi láthair. Tá an polasaí seo ag teastáil níos mó ná riamh nuair a thógtar na rudaí breise seo san áireamh. Mothaíonn Conradh na Gaeilge go láidir faoin ábhar seo agus go dteastaíonn polasaí ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal, agus aontóinn leis na moltaí agus leis an bpolasaí sin.

Anuraidh do ghlac an Roinn Oideachas cinneadh 30 nóiméad sa tseachtain a bhaint uaidh múineadh na Gaeilge, ó rang a haon ar aghaidh, i gcuraclam na mbunscoileanna a fheidhmíonn trí Bhéarla. Níl aon taighde déanta ar na himpleachtaí a bheadh aige sin ar chaighdeán na Gaeilge sna scoileanna agus tuigtear go bhfuil fadhbanna suntasacha ann cheana féin ó thaobh foghlaim na Gaeilge de sna bunscoileanna. Mar a dúirt an conradh, níl aon taighde déanta ag an Roinn Oideachas ar na himpleachtaí an athrú sin agus ní aontaím leis an athrú a rinne sé. Is mór an trua go dtarlóidh sé. Tá sé ráite go bhfuil an ceart ag an mbord bainistíochta cinneadh a dhéanamh dó fhéin, agus ba cheart go bhfágfar rudaí mar a bhí go dtí go bhfuil an Roinn, agus b'fhéidir go bhfuil sé anois, in ann an taighde sin a dhéanamh cén chaoi a bhfuil an bpolasaí ag feidhmiú.

Cuirim fáilte roimh an infheistiú breise atá geallta don Roinn. Bíonn brú i gcónaí ar an Roinn, go mórmhór ag Údarás na Gaeltachta, caithfidh mé a rá. Teastaíonn breis airgid ionas gur féidir leis leanúint ar aghaidh leis an obair iontach agus tábhachtach atá á dhéanamh aige.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.