Seanad debates

Wednesday, 6 March 2024

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

10:30 am

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Cathaoirleach Gníomhach. Fáiltím roimh an Aire le linn Sheachtain na Gaeilge. Is iontach a bheith anseo ag labhairt faoin Ghaeilge, ach tá an-chuid fadhbanna ann. Cé go bhfuil an-chuid déanta, tá fadhbanna ann faoi láthair, faoi mar a dúirt mo chomhghleacaí ó Chontae an Chláir, an Seanadóir Róisín Garvey. Tá fadhb ag an Ghaeilge sa chóras oideachais agus tá gá ann do pholasaí don Ghaeilge ó réamhscoil go dtí an tríú leibhéal, rud nach bhfuil ann faoi láthair. Tá an-chuid déanta ag an Aire Oideachais, an Teachta Norma Foley, maidir le polasaí Gaeilge laistigh den chóras Gaelscolaíochta, ach níl go leor déanta aici fós maidir leis an Ghaeilge sna scoileanna lasmuigh den chóras lán-Ghaeilge. Freastalaíonn formhór na bpáistí sa tír ar scoileanna Béarla. Mar sin, tá gá ann, ach tá dúil ann freisin. Teastaíonn ó thuismitheoirí a gcuid páistí a chur ar aghaidh chun Gaeilge mhaith a fhoghlaim sa scoil, ach tá fadhb ann maidir leis an chóras oideachais.

Chomh maith leis sin, tá fadhb ann maidir leis an fháil ar Ghaelcholáistí timpeall na tíre. Molaim go hard an feachtas atá ar bun sa chathair seo maidir le Gaelcholáiste a bhunú i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8. Tá Gaelcholáiste de dhíth sa cheantar sin den chathair. Tá an-chuid bunscoileanna lán-Ghaeilge ach níl aon Ghaelcholáiste chun na páistí sin a chur ar aghaidh. Téann siad chuig scoileanna lán-Béarla dá bharr agus cailleann siad an saibhreas teanga atá acu agus is trua ollmhór é sin. Tá an-chuid déanta ag mo chomhghleacaí, an Teachta Jim O’Callaghan, agus ag Seanadóirí agus Teachtaí Dála eile i leith na faidhbe sin, agus molaim go hard an feachtas. Impím ar an Aire an cheist sin a bhrú ar aghaidh laistigh de chruinnithe an Rialtais chun Gaelcholáiste a chur ar fáil do mhuintir Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8.

Tá géarchéim tithíochta sna Gaeltachtaí, freisin. Tá an Bille um Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2023 ar Chéim an Choiste sa Dáil faoi láthair agus tá tábhacht faoi leith ag baint leis an Bhille do mhuintir na Gaeltachta. Tá an-chuid déanta ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Teachta Darragh O'Brien, chun an Bille seo a chur ar aghaidh. Is Bille ollmhór é, ach tá sé de dhíth. Tá tithíocht de dhíth sna ceantair Ghaeltachta. Ní bhíonn muintir na Gaeltachta in ann fanacht sa Ghaeltacht nó dul ar ais chuig an Ghaeltacht chun a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge agus is fadhb ollmhór í sin. Tuigeann muid go léir gur tobar na teanga í an Ghaeltacht. Caithfidh muid rud éigin i bhfad níos fearr a dhéanamh le tithíocht sa Ghaeltacht agus, go háirithe, caithfidh an tAire iarracht níos fearr a dhéanamh maidir le tithíocht inacmhainne. Is áiteanna áille iad na Gaeltachtaí agus mar sin, teastaíonn ó dhaoine lasmuigh den Gaeltachtaí tithe a cheannach iontu agus is brú breise é seo. Ní bhíonn an t-airgead ag muintir na háite chun dul in iomaíocht le daoine lasmuigh den Ghaeltacht. Ní bhíonn siad in ann na tithe céanna a cheannach agus is brú breise é sin agus cailleann siad amach ar na tithe a bhíonn ar an mhargadh. Is fadhb ollmhór í sin.

Tá fadhb eile ann freisin. Is í sin an fhadhb leis An Gharda Síochána. Tá easpa Gardaí a bhfuil Gaeilge líofa acu chun freastal ar na ceantair Ghaeltachta nó chun freastal ar dhaoine a bhfuil Gaeilge acu taobh amuigh de na Gaeltachtaí, cosúil linn. Is gá go mbeadh Gaeilge níos fearr laistigh den fhórsa i gcoitinne chun freastal ar na daoine sin. Bhí feachtas earcaíochta ag An Gharda Síochána agus n’fheadar an bhfuil a fhios ag an Aire cé mhéad cainteoirí Gaeilge a earcaíodh le linn an fheachtais. Chuir an t-iarChoimisinéir Teanga tuarascáil faoi bhráid an Oireachtais maidir leis an fhadhb seo agus n’fheadar an bhfuil dul chun cinn déanta ag An Gharda Síochána nó ag an Aire, Dlí agus Cirt, an Teachta McEntee, chun í a réiteach. Rinneadh cúpla focal a chur chun cinn i measc na nGardaí ach ní leor cúpla focal chun freastal ar phobail Ghaeltachta. Tá sé náireach i ndáiríre nach bhfuil go leor gardaí ann chun freastal ar mhuintir na Gaeltachta nó ar dhaoine taobh amuigh de na Gaeltachtaí a bhfuil Gaeilge acu. Níl ann ach béalghrá, arís is arís eile in ionad birt chuí. Tá feirg orm faoi sin agus tá sé ardaithe agam an-chuid anseo sa tSeanad agus leis an Aire, an Teachta McEntee agus le daoine eile. Níl dul chun cinn suntasach feicthe agam fós ach tá mé dóchasach faoin fheachtas earcaíochta a bhí ann le déanaí. Tá me ag tnúth le breis eolais dhearfaigh ón Aire ar an ábhar seo. Nil aon mhaitheas a bheith anseo bliain i ndiaidh bliana le linn Sheachtain na Gaeilge ag plé na Gaeilge agus ag caint faoin mheas agus an grá láidir atá ag muintir na hÉireann i leith na teanga muna bhfuil muid dáiríre faoi. Ní mór dúinn beart a dhéanamh de réir ár mbriathair agus seirbhísí poiblí cuí iomlána a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu sa tír seo.

Tá mé dearfach i leith na teanga. Tá an-chuid fadhbanna ach tá mé dearfach fúthu. Tá a lán oibre déanta ag an Rialtas seo, go háirithe le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus na cuspóirí faoi mar a luaigh an tAire. Is dul chun cinn iontach é sin. Tá Cúla4 ar an fhód agus is cainéal iontach é. Tá an aip agam ar m’fhón agus tá sé an-éasca na cláir a chur ar siúl pé áit ina mbíonn muid. Is rud iontach é sin. Tá Cine4 ann agus thug an tAire a lán cabhrach agus airgid do TG4 chun Cine4 a fhorbairt. Tá Gaeilge iontach ag Paul Mescal freisin agus is réalt ollmhór é. Is dócha go bhfuil sé ina réalt is mó ar domhan faoi láthair. Mar sin de, tá todhchaí dearfach ann i leith na teanga, ach tá fadhbanna ann agus bhí orm na fadhbanna sin a chur chun cinn anseo le linn na ráiteas. Molaim go hard an tAire agus molaim di leanúint ar aghaidh leis an dea-obair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.