Seanad debates

Wednesday, 6 March 2024

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

10:30 am

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source

Mar Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, fáiltím roimh an deis labhairt leis na Baill anseo inniu sa Seanad, go háirithe agus muid ag cur tús le Seachtain na Gaeilge 2024. Is seoid í ár dteanga. Chun a chinntiú go mbeidh ár dteanga ag an gcéad ghlúin eile, ní mór dúinne go léir atá compordach le hí a labhairt, í a labhairt. Fad is atáimid ag labhairt faoin nGaeilge, máthair theanga ag mórán, is fiú tagairt a dhéanamh do Lá Idirnáisiúnta na mBan. Beimid ag ceiliúradh an lá seo, Lá Idirnáisiúnta na mBan, an tseachtain seo chomh maith. Inniu ar fud an domhain, tá mná ag seasamh ar son cearta an chéad ghlúin eile: cearta a leanaí agus cearta a bpobail.

Tá mé mar Aire tiomanta don Ghaeilge agus do phobal labhartha na teanga. Tá mórán bainte amach ag an Rialtas seo maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Táim sásta gur éirigh liom ardú suntasach de €4.2 milliún a bhaint amach d'fhorbairt agus do chur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta i mbuiséad 2024. Is é caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo agus í a thabhairt mar oidhreacht don chéad ghlúin eile an bunchuspóir atá le polasaí Údrás na Gaeltachta.

Bunaíodh an tÚdarás sa bhliain 1980 agus tá sé freagrach as forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus cultúrtha na Gaeltachta. Cúram fíor-thábhachtach i bhforbairt aon phobail ar ndóigh is ea an fhostaíocht agus cruthú fostaíochta. Is ábhar sásaimh é gur éirigh leis an údarás 1,075 post nua a chruthú sna Gaeltachtaí in 2023 agus go raibh 9,526 post i gcliantchomhlachtaí ag deireadh na bliana seo caite. Tréaslaím a gcuid oibre leis an údarás.

Ar ndóigh, tá an-áthas orainn anois go bhfuil Feidhmeannas an Tuaiscirt ag suí arís. Tá Foras na Gaeilge, áisíneacht de chuid an Fhorais Teanga Thuaidh-Theas, ag obair ar bhun uile-oileáin agus iad ag cur na Gaeilge chun cinn. Leanfaimid ar aghaidh ag comhoibriú lenár bpáirtithe sa Roinn Phobail ó Thuaidh, ag cinntiú go néireoidh le Foras na Gaeilge agus, go deimhin, obair an Fhorais Teanga a spriocanna a bhaint amach. Tá dúshláin ag baint le obair na bhForas Thuaidh-Theas, ach sin ráite, creidim go bhfuil ag éirí go maith le scéimeanna Fhoras na Gaeilge. Creidim go mbeidh scéim forbartha líonraí Gaeilge le fógairt arís don tréimhse romhainn agus beidh mé ag súil ceantair nua a fheiceáil ag teacht chun cinn tríd an phróiséas seo. Tá obair mhaith freisin ar siúl ag na sé cheanneagraíocht Gaeilge: Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge; Gael Linn; Cumann na bhFiann; Glór na nGael agus Gaeloideachas.

Neartú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 atá in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus aithnítear go forleathan go gcuirfidh sé go mór le caighdeán na seirbhísí i nGaeilge a chuireann comhlachtaí Stáit ar fáil don phobal. Maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, bhí áthas orm go raibh mé in ann leithdháileadh breise de €500,000 a chur ar fáil i mbliana chun tacú le feidhmiú iomlán Achtanna na dTeangacha Oifigiúla.Leis an mhaoiniú breise sin, leanfar ag tacú le tionscadail a thagann le cuspóir earcaíochta an Achta, lena n-airítear Gluaiseacht, seó bóthair de chuid Chonradh na Gaeilge é ar cheadaigh mo Roinn deontas méadaithe dó in 2023. Cuireadh ar cumas na n-eagraíochtaí dul i bhfeidhm ar bhreis agus 28,000 duine agus an teachtaireacht láidir a thabhairt dóibh faoi na deiseanna suntasacha fostaíochta atá, agus a bheidh, ann dóibh siúd le hinniúlacht sa Ghaeilge de thoradh an Achta seo sa tréimhse atá amach romhainn.

Ina theannta sin, cheadaigh mo Roinn deontas d’Oireachtas na Gaeilge go mbeidh ar cumas na heagraíochta sin gréasáin Ghaeilge a bhunú chun tacú le cainteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge. Cuideoidh an togra sin le daoine atá ag obair san earnáil phoiblí cheana féin a gcuid Gaeilge a úsáid agus iad i mbun a gcuid oibre. Méadóidh sé seo líon na dtacaíochtaí atá ar fáil d’fhostaithe na hearnála poiblí agus tabharfaidh sé muinín dóibh nach bhfuil Gaeilge acu, ach ar spéis leo a scileanna teanga a fhorbairt, é sin a dhéanamh san ionad oibre. Is í an fheasacht gné thábhachtach eile den obair seo. Is é sin go mbeidh an pobal ar an eolas maidir leis an obair atá ar siúl. Beidh mo Roinn ag cruthú feasachta ar an Acht trí fheachtais feasachta bliantúla, ag tosú leis na deiseanna fostaíochta i nGaeilge a bheidh ann dóibh siúd le Gaeilge san earnáil phoiblí trína chéile.

Tá infheistíocht mhór déanta i TG4 le cúpla bliain anuas, agus tá toradh na hinfheistíochta sin le feiceáil go láidir. Tá áthas orm go raibh mo Roinn in ann tacaíocht a chur ar fáil don stáisiún agus iad ag bunú Cúla4, an chéad chainéal teilifíse Gaeilge do dhaoine óga. Tá maoiniú iomlán TG4 anois tagtha suas go dtí €57 milliún. Is méadú é sin de bheagnach €20 milliún ó ceapadh mé mar Aire.

Is teanga idirnáisiúnta í an Ghaeilge. Is cúis áthais dom é an fonn ata ar scoláirí i dtíortha eile an Ghaeilge a fhoghlaim. Déanann mo Roinn an-obair leis an Choimisiún Fulbright agus Fondúireacht Ollscoile na hÉireann agus Cheanada. Léiríonn na figiúirí is déanaí atá againn go ndearna beagnach 1,500 mac léinn in 15 ollscoil sna Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i gCeanada cúrsaí i nGaeilge i mbliana. Chomh maith leis sin, tá tacaíocht tugtha againn do bheagnach 20 ollscoil chun cláir Ghaeilge a reáchtáil sa Ríocht Aontaithe agus ar Mhór-Roinn na hEorpa i mbliana. Táimid i mbun cainteanna freisin le hollscoileanna ar an Mhór-Roinn agus i Meiriceá Thuaidh ar mian leo tús a chur le cláir Ghaeilge ina n-institiúidí féin.

Tá mé féin, an tAire Stáit, an Teachta O’Donovan, ár bhfoireann agus an Rialtas tiomanta gealltanais an Rialtais i leith fhorbairt agus neartú na Gaeilge a chur i bhfeidhm in éineacht leis an Teach seo agus leis an phobal. Tá muid ag súil le leanúint leis an obair le linn na bliana atá romhainn. Tá súil agam go mbeidh deis ag Seanadóirí a gcuid Gaeilge a úsáid le linn na seachtaine agus na míosa, agus go mbainfidh siad sult as Seachtain na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.