Seanad debates
Thursday, 22 June 2023
An tOrd Gnó - Order of Business
9:30 am
Rónán Mullen (Independent) | Oireachtas source
Go raibh míle maith agat, a Chathaoirligh. Teastaíonn uaim go dtabharfaidh an Treoraí cuireadh don Aire Oideachais teacht isteach agus labhairt linn faoi theagasc na Gaeilge inár mbunscoileanna.
Tagraím ach go háirithe don fhadhb atá ann leis an gcreat curaclaim nua ina ngearrtar siar ar an méid ama atá le caitheamh ar theagasc na Gaeilge, toisc go bhfuil siad ag iarraidh – agus an ceart acu – díriú ar theangacha iasachta. Ach gan aon am á thabhairt do theangacha san iomlán, beidh laghdú ar an méid ama a chaitear ar theagasc na Gaeilge. Is í Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta atá ag moladh na n-athruithe seo le sé bliana caite ag forbairt an chreata churaclaim nua. Ach tá na heagrais Gaeilge, Conradh na Gaeilge ina measc, thar a bheith buartha faoi seo mar go bhfuil sé sofheicthe cheana féin go bhfuil damáiste á dhéanamh do theagasc na Gaeilge maidir le sealbhú ar theanga na Gaeilge. Tá sé feicthe go bhfuil laghdú tagtha ar chumas na bpáistí sna bunscoileanna an Ghaeilge a labhairt toisc go bhfuil níos lú ama á chaitheamh ar theagasc na Gaeilge cheana féin. Is é a rud aisteach faoi ná nuair a bhí cruinniú ag an Aire Oideachais agus ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta leis na heagraíochtaí Gaeilge, bhí an tOllamh Padraig Ó Duibhir ó DCU, an eagraíocht sealbhaíochta, i láthair. Dúradh leo “Breathnaigh ar an taighde atá déanta againn.” Sin a dúirt an tAire Oideachais agus na húdaráis ach, mar a deir an tOllamh Ó Duibhir, nuair a amharctar ar an taighde, agus chuaigh sé ar ais tríd, léiríonn sé toisc go gcaitear níos lú ama ar theagasc na Gaeilge tá caighdeán na Gaeilge níos measa i measc na bpáistí. Léiríonn an taighde rud eile ar fad, seachas an rud a bhí na húdaráis ag iarraidh tabhairt le fios. Go bunúsach, I am saying that there needs to be a discussion with the Minister for Education, Deputy Norma Foley, about the teaching of Irish. The new draft curriculum for primary schools recommends less time for Irish because of the focus on foreign languages. Despite the fact the Minister and the National Council for Curriculum and Assessment, NCCA, are telling us to look at the research, it has been pointed out that the research shows that because of the lessening over time of time given to the teaching of Irish, students' standard of Irish is worse. I do not know why the Department is telling us to look at the research, when the research shows that we should not be lessening the time.
I am sorry for going on, but tá mé ag iarraidh é a dhéanadh go dátheangach. I am asking for an urgent meeting with the Minister for Education on this worrying topic.
No comments