Seanad debates

Tuesday, 18 April 2023

Nithe i dtosach suíonna - Commencement Matters

Irish Language

12:30 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Mar a luaigh an tAire Stáit ansin, luaigh an Roinn Oideachais go raibh polasaí nua á fhorbairt ag an Roinn don Ghaeloideachas taobh amuigh den Ghaeltacht faoi láthair. Cuirim fáilte roimhe sin ach, mar sin, cén fáth go bhfuiltear ag déanamh go bhfuil an Roinn Oideachais ag déanamh cinnidh mhóir laghdú a dhéanamh ar an nGaeilge sna bunscoileanna, nuair atá an polasaí nua seo á fhorbairt agus an próiseas comhairliúcháin ag dul ar aghaidh faoi láthair? Ní dhéanann sé sin aon chiall. Ba cheart go mbeadh an cinneadh faoin churaclam nua tugtha mar gheall ar an bpróiseas comhairliúcháin nó i ndiaidh an phróisis comhairliúcháin atá á dhéanamh ag an Roinn faoi láthair. Ní aontaím gurb é seo an cinneadh ceart. Ní thacaíonn sé leis an nGaeilge ar chor ar bith. Tá sé ag dul in aghaidh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.