Seanad debates

Wednesday, 8 March 2023

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

10:30 am

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Fine Gael) | Oireachtas source

Is cúis áthais dom fáilte a fhearadh roimh an Aire Stáit agus mo chomhghairdeas a ghabháil dó as a bheith ainmnithe mar Aire Stáit. Tá sé thar a bheith tábhachtach Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh agus tá sé oiriúnach agus tuilte go mbeadh na ráitis seo againn.

Tá saibhreas inár dteanga dhúchais agus is eochair é do mhothúcháin, béaloideas, stair, litríocht agus oidhreacht na tíre. Is é an dualgas is mó atá orainn ná iarracht a dhéanamh Gaeilge a labhairt sa Teach. Bíonn cineál eagla orainn ach níl aon ghá leis sin mar tá cúpla abairt ag gach duine, agus i bhfad níos mó sa cheann nuair a théimid i dtaithí ar an teanga. Tá meas agus spéis faoi leith ag na daoine atá ag labhairt inniu mar chuid den ócáid seo ach caithfimid iarracht laethúil a dhéanamh mar dhea-shampla dár gcomhghleacaithe.

Níl rud ar bith níos éifeachtaí ná mic léinn a threorú don fhíor-Ghaeltacht le tréimhse i rith an tsamhraidh. Faigheann siad grá agus meas don cheol, don rince traidisiúnta, don dúlra, don teanga, agus don oidhreacht go ginearálta ann.

Tá na Gaelscoileanna an-tábhachtach freisin. Dúirt an tAire Stáit go raibh ríméad air faoin uimhir a ndeachaigh ann an bhliain seo caite ach caithfimid iad a fhorbairt an t-am go léir.

Molann Conradh na Gaeilge sna moltaí a sheol an eagraíocht sin chugainn go mbeadh plean straitéiseach eagraithe do thodhchaí na gcoláistí samhraidh. Is fiú é sin a dhéanamh. Caithfimid taighde a dhéanamh ar na dúshláin agus ar na fadhbanna atá ag na coláistí Gaeilge, in éineacht le hachan grúpa atá ag plé le coláistí samhraidh, agus na moltaí a chur i bhfeidhm ansin, ar ndóigh.

Molaim don Aire Stáit freisin deontais a chur ar fáil do mhic léinn, go háirithe do na mic léinn nach bhfuil an iomarca airgid acu, chun iad a mhealladh don Ghaeltacht. Tá an mac is óige atá agam san Institiúid Oideachais i Marino agus tá sé an-tábhachtach go mbeadh caighdeán ard teanga labhartha sna coláistí sin.

Caithfidh mé stopadh níos luaithe ná mar a bhí i gceist agam chun seans a thabhairt don Aire Stáit dul go dtí an Teach eile le haghaidh vótáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.