Seanad debates

Wednesday, 8 March 2023

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

10:30 am

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Sílim go bhfuil sé tábhachtach a rá i tús báire go bhfuil sé thar a bheith dearfach agus ceart go bhfuil na ráitis seo againn le linn Seachtain na Gaeilge. Cé go bhfuil pointí le déanamh againn ar fad, sílim go bhfuil sé thar a bheith maith go nglacaimid tréimhse agus seal chun ceiliúradh a dhéanamh ar an teanga. Ba cheart dúinn a aithint go bhfuil teanga galánta againn. Ba cheart freisin aitheantas a thabhairt don mhéid oibre atá déanta ag daoine chun an pointe seo a bhaint amach. Ta pobail fud fad na tíre seo ag cur an Ghaeilge chun tosaigh agus ag fás pobal labhartha na Gaeilge an t-am ar fad. Tá ard-mholadh tuillte ag na ceannródaithe sin as achan carn den tír.

Cuirim fearadh na fáilte roimh Sheachtain na Gaeilge. Bainim a lán sult as. Tá mé iontach sásta gur aontaigh Ceannaire an tSeanaid go mbeadh na ráitis seo againn mar tá sé tábhachtach mar Bhaill gur féidir linn an teanga a úsáid. Tá súil agam go bhfuil sé tábhachtach faoi choinne na Baill eile an teanga a chluinstin á úsáid sa Teach fosta.

Aontaím le Paul Mescal - nó gabh mo leithscéal, an Seanadóir Malcolm Byrne – atá thall ansin faoin nGaeilge a bheith i mbéal an phobail faoi láthair. Níl ort ach amharc ar an gcineál dul i bhfeidhm atá déanta ag scannáin cosúil leis “An Cailín Ciúin” ar feiceálacht na teanga amuigh ansin. Aontaím leis an Seanadóir maidir le cuntas Twitter TG4. Fanaim ar Twitter faoi choinne an chuntais sin. Gan é bheinn imithe ó Twitter fadó fadó, ach coinníonn an cuntas sin ar an ardán sin mé. Tá an méid sin daoine amuigh ansin atá ag cruthú tuiscint ar agus íomhá iomlán difriúil den teanga.Smaoiním ar an Dream Dearg a bhí ina ghluaiseacht chomh spleodrach agus gníomhach fá choinne Acht na Gaeilge, is é sin an tAcht Céannachta agus Aitheantais (Tuaisceart Éireann) 2022, sna Sé Chontae. Tá sé tábhachtach a rá ón uair dheireanach a bhuaileamar le chéile fá choinne Sheachtain na Gaeilge sa Seanad seo, nuair a bhí na ráitis seo a ndéanamh againn, go bhfuil éacht bainte amach ag daoine ó Thuaidh le cur i bhfeidhm Acht na Gaeilge agus anois tá aithint oifigiúil den chéad uair ann don Ghaeilge sna Sé Chontae. Tá ardmholadh tuillte ag an Dream Dearg agus ag achan duine a bhí bainteach leis an bhfeachtas sin. Tá neart daoine eile againn taobh amuigh de leithéidí Paul Mescal, TG4, an Dream Dearg agus achan duine eile. Tá Kneecap, mar shampla, chun tosaigh. Níl a fhios agam cá háit a sheasann achan duine ar Kneecap. An éisteann sibh leo? Gan amhras ar bith, tá siad ag cur an teanga i bhfad chun tosaigh agus is maith iad as é sin a bheith á dhéanamh acu.

Luaigh roinnt comhghleacaithe cheana féin na moltaí atá curtha amach ag Conradh na Gaeilge. Cé go bhfuil a lán ábhar againn le bheith ag ceiliúradh maidir le cúrsaí Gaeilge, tá a lán rudaí ar féidir leis an Rialtas a dhéanamh. Rinne na Seanadóirí Mullen agus Kyne cur síos orthu siúd. Tréaslaím leis na moltaí atá foilsithe ag Conradh na Gaeilge. Ritheann sé go huile is go hiomlán le ciall go gcuirfeadh an Rialtas na moltaí agus na polasaithe sin i bhfeidhm. Chuirfeadh sé le dul chun cinn na Gaeilge agus, níos tábhachtaí arís, le leas an phobail agus leis an mborradh eacnamaíochta s'againne chomh maith. Nuair a dhéanaimid infheistíocht sa teanga, i bpobal labhartha na Gaeilge agus sa Ghaeltacht, agus nuair a thógaimid na polasaithe sin, is léir go gcuireann sé sin leis an eacnamaíocht s'againne chomh maith. Cruthaíonn se poist agus dul chun cinn san eacnamaíocht fosta.

Ar an drochuair, tá bunrudaí nach bhfuil déanta ag an Rialtas. Le linn don Consumer Rights Bill 2022 a bheith os ár gcomhair tamaillín ó shin, mhol mé cúpla leasú chun fógraíocht agus lipéid iomlán dhátheangacha a bheith ann, mar atá déanta ag tíortha eile fud fad na cruinne ar nós Ceanada agus roinnt mhaith de bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Tá lipéid dhátheangacha agus a leithéid acu ach, dar ndóigh, níor ghlac an Rialtas leis sin sa tír seo. Tá a fhios agam gur chuir sé sin díomá ar a lán daoine. Cé go bhfuil cúis cheiliúrtha againn, mar atá ráite agam, do Sheachtain na Gaeilge agus do dhul chun cinn na Gaeilge chomh maith, tá a lán eile ar féidir linn a dhéanamh.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom tréaslú leis an méid atá déanta ag an gCathaoirleach nua. Níl sé sa phost ach tamall beag anois ach aithním go bhfuil an Ghaeilge i bhfad níos mó in úsáid sa Seanad ó ghlac sé an Chathaoir sin, agus níl mé ag cur in éadan Cathaoirligh ar bith eile. Aithním é sin agus téann sé sin i bhfeidhm ar pholaitíocht na háite seo agus ar na Comhaltaí freisin. Iarraim air leanúint leis sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.