Seanad debates

Wednesday, 8 March 2023

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

10:30 am

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent) | Oireachtas source

Is deis é seo dom buíochas a ghabháil leis na státseirbhísigh uilig as an méid a dhéanann siad ar son na Gaeilge agus ar son chur chun cinn na Gaeilge sa tír seo. Is iomaí uair a dúirt mé, agus deirim fós é, gur mór an chéim chun cúil agus trua é gur athraíodh na rialacha blianta ó shin maidir le caighdeán áirid Gaeilge a bheith riachtanach chun post a fháil sa státseirbhís. Tá a fhios agam go bhfuil spriocanna ann anois sna rialacha fostaíochta ach tá sé fíorthábhachtach go dtéimid ar ais ag an mbunchloch sin chun go mbeadh an Ghaeilge go lárnach sa státchóras. Labhair an tAire Stáit faoin Eoraip agus mhol sé dúinn feidhm a bhaint as na seirbhísí atá ar fáil maidir le haistriúchán agus cearta pobal na Gaeilge. Tá an ceart aige. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an Stát anseo freisin, i dtosach báire, ag cabhrú le daoine.

Tá dualgas orainne san Oireachtas freisin agus gabhaim buíochas le Rannóg an Aistriúcháin. Tá áthas orm, dála an scéil, a fhógairt go mbeidh na duaiseanna á mbronnadh ag an gCeann Comhairle don chéad chomórtas aiste de chuid an Oireachtais atá á reáchtáil againn i mbliana. Seo comórtas a d’eagraíomar ar bhonn 32-contae agus a thug deis do dhaltaí agus scoláirí na cúigiú agus na séú bliana ar fud na tíre, agus daltaí A-leibhéal freisin, aistí a scríobh i nGaeilge nó i mBéarla. Tá áthas orm a fhógairt gur é Antaine Ó Sé ó Phobailscoil Chorca Dhuibhne buaiteoir náisiúnta an chomórtais sin. Beidh sé ag fáil a dhuais ón gCeann Comhairle ar an Aoine. Tá áthas orm freisin na scoláirí ó na scoileanna éagsúla a fheiscint anseo inniu.

San am atá fágtha agam, ba bhreá liom díriú isteach ar na moltaí a luaigh mo chomhghleacaí an Seanadóir Kyne ó Chonradh na Gaeilge. Tá na rudaí a dhírigh siad isteach orthu i mbliana, mar chur chun cinn na Gaeilge sa chóras oideachais, fíorthábhachtach. Luaigh siad, mar shampla, de réir The Irish Times go bhfuil 30 nóiméad sa tseachtain le baint ó mhúineadh na Gaeilge i gcuraclam na bunscoile ó rang a thrí ar aghaidh, gan aon taighde déanta ar na himpleachtaí a bheidh aige sin. Céim chun cúil atá ansin agus níor chóir go mbeadh sé amhlaidh. Luann siad freisin an cheist seo faoi pháipéar 1 Gaeilge don ardteistiméireacht a bhogadh go deireadh bliain a cúig. Glacann muid leis go bhfuil síneadh bliana curtha ag an Aire maidir leis sin ach níl stop iomlán curtha leis an gcinneadh sin agus ba chóir go gcuirfí a leithéid de stop air. Tá daltaí agus múinteoirí na tíre ar buille faoin gcinneadh sin an páipéar a bhogadh gan bunús ceart oideachasúil a bheith ann dó.

Luaigh Conradh na Gaeilge freisin, mar a dúirt an Seanadóir Kyne, an cheist seo faoin ngéarghá le polasaí náisiúnta do phleanáil tithíochta sa Ghaeltacht. Tá sé fíorthábhachtach go nglacfaí leis go bhfuil riachtanas áitiúil ag an té a bhfuil labhairt na Gaeilge acu agus duine ón gceantar. Ba chóir go mbeadh muid ag tabhairt gach seans do dhuine le Gaeilge ar mhian leis nó léi clann a thógáil trí Ghaeilge i gceantar na Gaeltachta. Tá gá freisin, agus tá a leithéid ráite ag Conradh na Gaeilge, le measúnacht tionchar teanga neamhspleách a chur san áireamh in aon iarratas ar chead pleanála agus ba chóir go mbeadh coinníoll teanga ar aon fhorbairt tithíochta nó forbairt d’aon chineál eile sa Ghaeltacht.Má táimid ag labhairt faoi chur chun cinn agus slánú na Gaeilge, bímis dáiríre faoi.

Ba mhaith liom díriú ar an rud deireanach a dúirt Conradh na Gaeilge. Feicim an méid atá ráite ag an Aire maidir leis na coláistí samhraidh agus teacht ar ais na gcoláistí céanna. Bhí áthas orm a fheiscint go raibh 25,000 dalta ar chúrsaí. Tá áthas orm freisin maidir leis na deiseanna atá leagtha amach ag an Aire Stáit, go háirid do na scoileanna DEIS faoin scéim DEIS Gaeltachta, agus dár ndóigh na deiseanna atá ann do scoláirí bliain a chaitheamh ar na hOileáin Árann.

Mar fhocal scoir, tá sé fíorthábhachtach go gcuirfear grúpa oibre ar bun chun pleanáil a dhéanamh maidir le hobair na gcoláistí samhraidh agus go mbeadh na páirtithe uilig - Roinn na Gaeltachta, an Roinn Oideachais agus mar sin de - páirteach ann. Tá gá le taighde chun na fadhbanna, na dúshláin agus na deiseanna gearrtéarmach, méantéarmach agus fadtéarmach a aithint.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.