Seanad debates

Wednesday, 8 March 2023

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

10:30 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Luaigh sé an chuairt ar maidin ar Ionad Cuimhneacháin na nlmirceach i gceantar Iorras Aithneach i gCarna agus an €1 milliún a d’fhógair sé ar maidin. Cuirim fáilte roimh an bhfógra sin. Togra tábhachtach atá ann. Thug an tAire Stáit cead don chéad chéim eile, an dara céim den togra sin, dul chun cinn. Luaigh sé freisin an athfhorbairt atá le déanamh ar Choláiste Lurgan in Indreabhán. Molaim an deontas de €314,000 a cheadaigh sé chun iarratas cead pleanála a ullmhú don chéad chéim eile den togra tábhachtach sin. Tréaslaím leis an obair atá déanta ag an Aire Stáit, Údarás na Gaeltachta, an Roinn agus comhlacht Choláiste Lurgan.

Bhí an tAire Stáit i láthair linn ar maidin, mar a dúirt mé, i gceantar Iorras Aithneach. Is ceantar fíor-Ghaeltacht é sin ina bhfuil an Ghaeilge an-láidir ach is ceantar é freisin ina bhfuil dúshláin ó thaobh an daonra, ó thaobh fostaíochta agus fiú rudaí níos bunúsaí ná sin, cosúil le scéimeanna séarachais. Níl aon mhilleán ar an Aire Stáit dó seo ach tá fadhb ann. Níl scéim séarachais i gCill Chiaráin, mar shampla, nó i gCarna, Ros Muc ná Sraith Salach. Seo rud bunúsach. Táimid go léir ag plé na bhfadhbanna seo taobh amuigh den Ghaeltacht freisin. Teastaíonn an t-infreastruchtúr sin trasna na Gaeltachta, chomh maith le háiteanna eile, chun an infheistíocht cheart a dhéanamh sna ceantair sin agus chun fás a dhéanamh ar an daonra.

Tacaím le moltaí ón eagraíocht Forbairt Chonamara Láir go mbeadh pota airgid ar fáil d’infreastruchtúr sa Ghaeltacht. B’fhéidir go mbeidh an tAire Stáit in ann é sin a phlé leis an Aire Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe roimh bhuiséad 2024. Ba chóir go mbeadh pota ansin chun infreastruchtúr a mhéadú sa Ghaeltacht, go mór mór ó thaobh scéimeanna séarachais. Sin rud a luaigh Forbairt Chonamara Láir nuair a tháinig siad os comhair Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge le déanaí. Tá siad ag iarraidh go ndéanfar infheistíocht ollmhór leanúnach chun freastal ar riachtanais infreastruchtúr. Mar a dúirt Máirín Ní Choisdealbha-Seoige ag an gcruinniú sin, “Gan daonra agus an t-infreastruchtúr cuí, ní bheidh aon phobal againn agus, mar thoradh air sin, beidh ár dteanga caillte go deo.” Sin an fhadhb lena bhfuil ceantair sa Ghaeltacht ag déileáil. Is rudaí bunúsacha iad seo ach rudaí fíorthábhachtach ó thaobh todhchaí an cheantair agus, mar sin, todhchaí na teanga. Tá cuid de na scoileanna faoi bhrú mar gheall go bhfuil an daonra ag titim. Tá muintir na hÚcráine ag cabhrú leis na scoileanna i gConamara faoi láthair mar go bhfuil cuid dá bpáistí ag freastal ar na scoileanna sin. Seo rudaí bunúsacha agus sin an fáth go dteastaíonn comhoibriú idir an Roinn, Roinn na Gaeltachta, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus an Stát iomlán ó thaobh na ndúshlán anseo sa Ghaeltacht. Tá sé sin tábhachtach.

Molaim an obair agus na moltaí a tháinig ó Chonradh na Gaeilge. Mhol siad cúpla rud, mar is eol don Aire Stáit. Gealladh polasaí don Ghaeilge ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal sa chlár Rialtais. Cé go bhfuil obair ag dul ar aghaidh ar pholasaí do na scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, níl aon tús curtha fós leis an bpolasaí don chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal. Mhol siad freisin go dtabharfar ionadaíocht do phobal na Gaeltachta ar an gcomhchoiste a bunaíodh idir an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus Roinn na Gaeltachta go práinneach agus go mbunófar polasaí náisiúnta do phleanáil tithíochta sa Ghaeltacht. Mhol siad go nglacfar leis go bhfuil riachtanas áitiúil acu siúd go bhfuil labhairt na Gaeilge acu agus daoine ón gceantar féin. Sin moltaí ó thaobh tithíochta. Tá fadhbanna pleanála sa tuath ina iomláine ach tá fadhbanna freisin sa Ghaeltacht agus caithfimid iad sin a réiteach. Tá an Rialtas chun polasaí tithíochta a lainseáil go luath ach teastaíonn moltaí láidre ó thaobh cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht laistigh den pholasaí sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.