Seanad debates

Wednesday, 8 March 2023

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

10:30 am

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar Aire Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, fáiltím roimh an deis labhairt sa Seanad le linn Seachtain na Gaeilge faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Is pribhléid dúinn é sa tír seo go bhfuil ár dteanga dhúchais againn. Tá ár dteanga, ár dtraidisiúin agus ár gcultúr i gceartlár an phobail anseo in Éirinn.

Ni mór dúinn infheistíocht leanúnach a dhéanamh sa Ghaeilge chun a chinntiú go mbeidh sí á labhairt ag na glúnta atá le teacht. Tá an Rialtas ag tacú go láidir leis an obair atá ar bun maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Léiríonn an cistiú méadaithe atá curtha ar fáil ag an Rialtas don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mbliana, agus ar fiú €94.2 milliún é, go bhfuil rún daingean ag an Rialtas an teanga agus pobal na Gaeltachta - tobar na teanga - a chur chun tosaigh. Is ardú €8.5 milliún nó 10% é sin ar chiste na bliana seo caite. Is linne go léir an Ghaeilge - idir óg agus aosta - agus tugann an t-allúntas breise seo deis dúinn ár ndílseacht don teanga a roinnt ar níos mó de phobal na tíre. Bhí áthas orainn sa Roinn chomh maith gur tugadh ardú €7.3 milliún do bhuiséad TG4 le haghaidh 2023. Is é sin an méadú is mó riamh ar mhaoiniú an stáisiúin agus, dar ndóigh, beidh tionchar ag an ardú sin freisin ar rathúlacht na straitéise 20 bliain don Ghaeilge. Leis an maoiniú breise sin, beidh ar chumas TG4 cainéal nua do leanaí - Cúla4 - a bhunú agus a sheoladh. Bíonn comhoibriú leanúnach idir TG4 agus rannóga éagsúla de chuid mo Roinne agus iad i mbun tionscadail éagsúla a fhorbairt agus a chur chun cinn mar a bhaineann leis an nGaeilge.

Labhróidh mé ar feadh nóiméid faoi na coláistí Gaeilge. Dúnadh na coláistí ar feadh dhá bhliain - 2020 agus 2021 - de dheasca Covid. Is mór an difríocht idir sin agus inniu. D'oscail na coláistí anuraidh le tacaíocht na Roinne agus tá ríméad orm a rá gur fhreastail níos mó ná 25,000 scoláire ar na coláistí samhraidh in 2022. Táim ag súil go leanfaidh an earnáil lena téarnamh i mbliana. Táim ag súil go mbeidh teacht níos fearr ar an nGaeltacht ag muintir na hÉireann ar fad agus beidh obair ar siúl ar bhonn leanúnach le feachtas turasóireachta a bhunú i gcomhar leis na coláistí agus le hÚdarás na Gaeltachta atá mar chuid den phlean gníomhaíochta don Ghaeilge. Chomh maith leis sin beidh scéimeanna ar nós DEIS Gaeltachta, a thugann suas le 400 scoláireacht do scoláirí ó níos mó ná 200 scoil DEIS timpeall na tíre. Freisin, beidh an scéim Árainn Gaeltachta ann, a thugann seans do 30 scoláire bliain a chaitheamh agus iad tumtha go hiomlán i gcultúr na Gaeltachta agus na n-oileán ar na hOileáin Árann. Tá tacaíocht bhreise ar fáil do theaghlaigh a chuireann lóistin ar fáil chomh maith. Le bliain anuas chuir mo Roinn méadú 300% ar an deontas tosaithe atá ar fáil dóibh. Bíonn an Roinn i gcónaí sásta éisteacht agus glacadh le moltaí agus féachaint i dtreo na todhchaí ó thaobh earnáil na gcoláiste Gaeilge, leis an teachtaireacht go bhfuil na coláistí Gaeltachta oscailte arís do chách.

Agus sinn ag caint ar an nGaeltacht, is ceart aitheantas a thabhairt do ról Údarás na Gaeltachta. Níl aon amhras orm ach go bhfuil obair thábhachtach déanta agus idir lámha ag an údarás le cúnamh mo Roinne ar mhaithe le saol phobal na Gaeltachta a fheabhsú agus ar mhaithe leis an nGaeltacht a chosaint agus a fhorbairt tuilleadh. Is ábhar sásaimh é gur éirigh leis an údarás 945 post a chruthú sa Ghaeltacht anuraidh agus go raibh 151 duine breise fostaithe i ngnólachtaí an údaráis sa Ghaeltacht ag deireadh na bliana seo caite. Bhí 8,235 post i gcliant-ghnólachtaí an údaráis ag deireadh na bliana 2022. Tá roinnt tionscadail mhóra chaipitil á mbeartú ag an údarás i gcomhar leis an Roinn i réimse an oideachais agus sa turasóireacht chultúrtha. Luafainn, mar shampla, an athfhorbairt atá le déanamh ar Choláiste Lurgan in Indreabhán i gceantar Gaeltachta na Gaillimhe, agus Ionad Cuimhneacháin na nlmirceach i gCarna, agus bhí áthas orm an fhorbairt sin a fhógairt ar an láthair ansin maidin inniu le cabhair ón Seanadóir Kyne, iar-Aire Stáit le freagracht as an nGaeltacht. Le forbairt na dtionscadal sin agus cinn eile atá ar na bacáin, cuirfear tuilleadh le bonneagar na Gaeltachta ar bhonn comhpháirtíochta.

Tá úsáid na Gaeilge ag leibhéal oifigiúil ina chuid lárnach de na hiarrachtaí atá ar bun chun go mbeidh an teanga in úsáid ag na glúnta amach anseo. Toisc go bhfuil an Ghaeilge ina teanga oifigiúil iomlán in institiúidí an Aontais Eorpaigh ó dheireadh na bliana 2020, tá lánchead ag saoránaigh na tíre seo úsáid a bhaint as an nGaeilge agus iad ag plé le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh. Molaim go láidir dúinn ar fad - idir pholaiteoirí, oifigigh agus shaoránaigh - an oiread úsáide agus is féidir a bhaint as ár dteanga féin agus sinn ag obair i réimse na hEorpa, díreach mar a dhéanann na ballstáit eile. Tá tionscnaimh éagsúla curtha ar bun ag mo Roinn i gcomhar leis na hinstitiúidí Eorpacha le tamall chun cur leis na hacmhainní Ghaeilge atá ar fáil mar thacaíocht do na seirbhísí teanga san Aontas. Rinneadh éacht le tamall ó thaobh daoine a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu a earcú sna haonaid teanga sna hinstitiúidí Eorpacha. Tá os cionn 200 duine oilte ag obair sna hinstitiúidí anois agus bíonn an Ghaeilge le cloisteáil go rialta ar shráideanna na Bruiséile agus Lucsamburg agus i gcathracha eile ar an Mór-Roinn de bharr pobal bisiúil cainteoirí Gaeilge a bheith ag cur fúthu sna háiteanna sin.

D'fhoilsigh mo Roinn an plean digiteach don Ghaeilge ag deireadh na bliana seo caite. Leagtar amach sa phlean sin na réimsí is tábhachtaí ar gá díriú orthu as seo go ceann cúig bliana ionas go mbeidh an Ghaeilge ar chomhchéim le mór-theangacha na hEorpa ó thaobh áiseanna agus acmhainní digiteacha de agus chun go mbeidh pobal na teanga - sa Ghaeltacht, ar fud na tíre agus timpeall an domhain - in ann tairbhe iomlán a bhaint as an saol digiteach ina dteanga féin. Beidh taighde agus forbairt shuntasach bhreise de dhíth i réimse na nua-theicneolaíochta feasta chun an teanga a thabhairt isteach go hiomlán i saol digiteach na linne seo, agus tá rún daingean ag an Rialtas an cuspóir sin a thabhairt i gcrích.

Níl sna nithe atá luaite agam ach blaiseadh beag den mhéid iomlán atá ar siúl ag an Rialtas agus ag an Roinn, i gcomhar lenár gcomhpháirtithe, ar mhaithe leis an teanga. B'fhéidir go mbeidh seans agam cúpla rud eile a lua roimh dheireadh na díospóireachta seo. Chuirfinn fáilte roimh thuairimí na Seanadóirí atá i láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.