Seanad debates

Wednesday, 22 February 2023

Nithe i dtosach suíonna - Commencement Matters

Legislative Measures

10:30 am

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá an-díomá orm an méid sin a chloisteáil ón Aire Stáit. Tá sé seafóideach mar déanann tíortha eile, ar nós Ceanada agus gach tír eile le dhá theanga, an méid sin gan aon fhadhb. Tá sé maslach amach is amach má chloínn an Rialtas leis an gcinneadh sin. Is féidir leis an Aire athrú a dhéanamh ag an bpointe sin agus níl sé inghlactha go bhfuil an Rialtas ag smaoineamh ar chomhlachtaí móra.Is comhlachtaí móra don chuid is mó atá i gceist. Is comhlachtaí móra iad le buiséid an-mhór. Tá an t-uafás airgid acu. Tá sé inghlactha go bhfuil an Rialtas ag iarraidh céad teanga na tíre seo a chur ar leataobh chun an bealach a éascú do na comhlachtaí móra sin. Tá sé maslach amach is amach agus nílim sásta leis an méid sin. Beidh teagmháil á dhéanamh agam leis an Aire Sláinte chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo. Níl sé inghlactha go bhfuil an meon seo ag an Aire Stáit, an Teachta Naughton. Tá go leor samplaí eile ar fud an domhain áit a ndéantar seo. Níl sé inghlactha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.