Seanad debates

Wednesday, 22 February 2023

Nithe i dtosach suíonna - Commencement Matters

Legislative Measures

10:30 am

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit agus maidin mhaith dó. Tá áthas orm gur tháinig sé os comhair an tSeanaid chun an t-ábhar seo a phlé. Chuir mé an ní i dTosach Suíonna seo faoi bhráid an tSeanaid mar go bhfuil deis iontach ann don Rialtas céim a ghlacadh i dtreo chomhionannais sa Stát seo. Tá oidhreacht an-bhródúil ag an iar-Aire Sláinte, an Tánaiste, an Teachta Micheál Martin, leis an gcosc ar thobac a chaitheamh taobh istigh. Léirigh sé ceannaireacht iontach agus leanann an dea-shampla sin i go leor tíortha ar fud an domhain.

Tá an Rialtas seo le moladh go hard as an bplean ceannródaíoch le lipéadú a chur ar alcóil amach anseo. Molaim an tAire Sláinte, an Teachta Stephen Donnelly, go háirithe mar tá sé ag brú ar aghaidh leis an mbeartas seo, i gcoinne bhrú ó thairgeoirí alcóil agus ó thíortha Eorpacha eile. Cosúil leis an gcosc ar thobac, breathnófar ar an gcur i bhfeidhm ar an gcóras lipéadaithe seo go hidirnáisiúnta. Tá gach seans ann go leanfaidh tíortha eile muid amach anseo. Nach mbeadh sé iontach, nuair a labhrófar i dtíortha eile faoi fhorásacht an Rialtais, go bhfeicfeadh siad Rialtas na hÉireann agus an tAire Sláinte ag úsáid na Gaeilge go feiceálach agus go bródúil. Is tír dhátheangach muid agus nílimid cúngaigeanta. Tá deis iontach ag an Rialtas an teanga álainn a úsáid agus a chur os comhair an domhain mhór. Tá sé fíorthábhachtach go n-aithnítear an dhátheangachas sa Stát. Tríd céimeanna mar sin, tá an Rialtas ag normalú úsáid na Gaeilge sa tír seo. Tá sé sin an-tábhachtach ó thaobh cuir chun cinn na teanga as tír.

Teachtaireacht cumhachtach a bheadh ann don phobal labhartha na Gaeilge sa tír seo má gheallann an tAire Stáit go dtabharfar lipéadú dhátheangach le heolas sláinte poiblí ar alcóil. Déantar lipéadú ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain i níos mó teangacha ná aon teanga amháin, agus ní chuireann na lipéid mearbhall ar an bpobal. Tá rogha dhátheangach ar thoitíní in Éirinn le blianta fada anuas agus ní chuireann sé sin mearbhall ar dhaoine ach an oiread. I dtaighde ó Millward Brown, léiríonn 63% de na daoine a cuireadh suirbhé orthu go bhfuil siad ar son lipéadú dhátheangach, agus níl ach 10% ina gcoinne. Is féidir liom na sonraí de sin a sheoladh ar aghaidh chuig an Aire Stáit chun breathnú orthu.

B'fhéidir go bhfuil cuma beag ar an scéal seo ach téann na rudaí beaga sin go mór i bhfeidhm ar phobal labhartha na Gaeilge. Cuireann sé leis an méid a dhéanann an Rialtas in áiteanna eile an Ghaeilge a chur chun cinn agus an teanga a spreagadh ar fud na tíre. Táim ag súil go mór le ráiteas dearfach ón Aire Stáit.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.