Seanad debates

Wednesday, 1 February 2023

Child and Adolescent Mental Health Services: Statements

 

10:30 am

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá fáilte roimh an Aire Stáit. Tá an-áthas orm go bhfuil an deis againn inniu an tseirbhís ríthábhachtach meabhairshláinte CAMHS a phlé léi. Tá go leor plé déanta againn, mar a luaigh sí, de bharr fhoilsiú thuarascáil Maskey le déanaí agus leathnú an athbhreithnithe. D’iarr an tAire Stáit an t-athbhreithniú sin a leathnú. Níl againn ach tuarascáil eatramhach faoi láthair ach is léir go bhfuil fadhbanna in áiteanna áirithe fós. Cé go bhfuil a fhios againn go léir na fadhbanna a luadh i dtuarascáil Maskey agus sa tuarascáil eile, is fiú iad a lua arís. Ina measc bhí diagnóis neamhiontaofa, oideas míchuí, drochmhonatóireacht ar chóireáil agus go leor leanaí i mbaol dochair shuntasaigh. Tá sé dochreidte i ndáiríre. Bhí ionadh agus uafás ar go leor daoine óga agus a dtuismitheoirí faoin tuarascáil sin. Tá siad ag brath ar CAMHS ag am an-deacair ina saol. Níl sé maith go leor nach gcuirtear cúram den scoth ar fáil dár ndaoine óga ar fud na tíre. Bíonn an-eagla ar thuismitheoirí go minic nuair a bhíonn deacrachtaí meabhairshláinte ag a bpáistí. Uaireanta ní bhíonn a fhios acu cá bhfaighidh siad an chabhair agus an tacaíocht. Tá sé an-tábhachtach gur féidir leo an tacaíocht sin a fháil ó CAMHS go tráthúil agus gur féidir leo muinín a bheith acu as an tseirbhís. Is léir ón tuarascáil níos leithne go raibh eispéireas an-dearfach ag go leor páistí agus a dtuismitheoirí. Is léir freisin go bhfuil na gairmithe sláinte atá ag obair sa tseirbhís tiomanta dá n-othar agus go bhfuil siad ag obair go dian gach uile lá ar son na bpáistí agus ar son na dtuismitheoirí freisin. Úsáideann breis agus 20,000 duine óg CAMHS in aghaidh na bliana agus bíonn eispéireas dearfach ag formhór dóibh. Tá sé suntasach gur tháinig méadú 33% ar atreoruithe, rud a rinne an tAire Stáit tagairt do, agus tháinig méadú 20% sna cásanna lenar déileáil CAMHS ag an leibhéal céanna foirne. Tharla sé sin in 2020, nuair a bhí an-chuid brú ar an gcóras sláinte. Tá sé suntasach agus is fiú é a lua arís. Tá a fhios agam go bhfuil an tAire Stáit tiomanta d'fheabhsú seirbhísí mheabhairshláinte sa tír seo, go háirithe CAMHS. Tuigim go dteastaíonn an tuarascáil dheireadh uainn, atá le teacht i mBealtaine, chomh maith leis na trí iniúchadh eile, chun pictiúr iomlán a bheith againn. Is féidir dul i ngleic leis na fadhbanna i ndiaidh dúinn an pictiúr iomlán a bheith faighte againn. Tá na páistí ag iarraidh an tacaíocht atá de dhíth a fháil anois. Tá súil agam leis an tacaíocht sin go mbeidh siad in ann ag bogadh ar aghaidh lena saol. Tá sé deacair orthu ach tá súil agam go mbeidh siad in ann é sin a dhéanamh leis an tacaíocht chuí. Is gá caighdeánú, atreorú agus cúram CAMHS a chur ar fáil ar fud na tíre. Go n-éirí an t-ádh leis an Aire Stáit leis an obair sin. Tá sí de dhíth.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.