Seanad debates

Wednesday, 1 February 2023

10:30 am

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh an rún ó Sheanadóirí Fhine Gael maidir le Grúpa Ospidéal Ollscoil Luimnigh. Molaim an Seanadóir Conway agus an Seanadóir Maria Byrne, go háirithe, as an gcur síos a rinne siad ar an rún agus ar na fadhbanna agus as a gcuid moltaí féin freisin. Is maith an rud é go bhfuil deis againn an t-ábhar an-tábhachtach seo a phlé. Tá a fhios agam gur údar imní ar leith é seo do mhuintir an réigiúin. Tá a fhios agam freisin go raibh mórshiúl i Luimneach an tseachtain seo caite inar ghlac na mílte duine, idir óg agus aosta, páirt ann. Eisíodh figiúirí inniu a léiríonn go raibh UHL ar bharr an liosta maidir le plódú i mí Eanáir. Ní staitistic mhaith í seo don réigiún. Tá an ceart ag muintir Luimnigh agus an Chláir, agus gach duine eile a úsáideann an t-ospidéal seo, a bheith buartha faoi sin.

Tá an-chuid infheistíochta déanta ag an Rialtas agus glactar le seo. Tuairiscíodh go dtógfar bloc nua le 96 leaba agus tuigim go dtabharfaidh an tAire sonraí faoi seo i mí Aibreáin. Beidh sé seo ar an dara bloc breise anseo agus tabharfaidh sé faoiseamh maidir leis an mbrú san ospidéal. Is maith an rud é sin. Cuireann sé sin leis an infheistíocht atá le feiceáil cheana féin sa ghrúpa ospidéal seo. Tá a fhios agam go bhfuil an tAire ag tabhairt mórtas áite do leapacha breise agus infheistíocht sláinte sa réigiún freisin. Tá a fhios agam go leanfaidh sé leis an idirphlé agus leis an gcumarsáid le hionadaithe an réigiúin. Táim buíoch as an deis an rún seo a phlé.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.