Seanad debates

Thursday, 26 January 2023

Emergency Department Waiting Times and Hospital Admissions: Statements

 

9:30 am

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá fáilte roimh an Aire. Tá áthas orm go bhfuil deis againn amanna feithimh maidir le ranna timpistí agus éigeandála a phlé inniu. Is ábhar buartha é. Tá imní agus faitíos ar dhaoine ar fud na tíre dul chuig na ranna timpistí agus éigeandála. Tá tionchar ollmhór aige seo. Bhí mé ag caint le bean le déanaí. Shaolaigh sí mac marbh-bheirthe roinnt blianta ó shin. Chuir sí in iúl dom go bhfuil méadú ar mharbh-bhreitheanna i mí Eanáir gach bliain. Níl aon mhíniú ag lucht leighis air sin ach creideann an bhean sin go bhfanann mná torracha amach ó na ranna timpistí agus éigeandála de bharr sin. Tá sé sin ollmhór. Tá siad neirbhíseach faoi phlódú. Bíonn drogall orthu uaireanta, nuair a mhothaíonn siad nach bhfuil gach rud ceart go leor leis an toircheas. Níl a fhios agam an bhfuil aon fhianaise ann chun tacú leis sin ach is cinnte go bhféadfadh sé a bheith ina chúis. Tá a fhios agam go mbíonn an tAire agus an Roinn Sláinte ag bualadh leis an bhFeidhmeannacht Seirbhíse Sláinte, FSS, faoin gceist sin i gcónaí.

Faoi mar a dúirt an tAire, thug sé cuairt ar roinnt ospidéal freisin. Tuigim go rímhaith freisin go bhfuil dúshláin ar leith roimh na seirbhísí sláinte le Covid agus leis an víreas fliú. Tuigim na dúshláin shuntasacha a bhaineann leis na gairmithe chúram sláinte a earcú freisin. Is fadhb dhomhanda í, faoi mar a dúirt an tAire ina óráid. Tá roinnt ospidéal ag éirí i bhfad níos fearr ná ospidéil eile áfach. Caithfidh na hospidéil pleanáil don tréimhse sin i bhfad níos luaithe ná mar atá siad faoi láthair. Bíonn an fhadhb seo againn gach aon bhliain. Is léir go bhfuil fadhbanna bainistíochta i roinnt ospidéal freisin. Glacaim go bhfuil dul chun cinn déanta ag an Aire ina ról mar Aire Sláinte.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.