Seanad debates

Wednesday, 25 January 2023

Transport Police Service: Motion

 

10:30 am

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá mé an-sásta go bhfuil an rún seo ó Fhianna Fáil faoi bhráid an tSeanaid inniu. Cuirim fáilte ollmhór roimh an Aire Stáit. Tá ár gcóras iompar poiblí an-tábhachtach dúinn agus go háirithe do mhuintir Bhaile Átha Cliath. Is é an t-iompar poiblí an t-iompar is fearr dár dtimpeallacht agus dár sláinte. Caithfimid é a fheabhsú chun Baile Átha Cliath a fheabhsú mar chathair bheo, áit ina dtugtar tús áite don phobal áitiúil.

Chun an fhírinne a rá bíonn sé deacair uaireanta iompar poiblí a úsáid toisc nach bhfuil sé sábháilte an t-am ar fad. Tá sé feicthe againn go léir. Tá méadú tagtha ar iompar frithshóisialta ar iompar poiblí agus tá sé náireach i ndáiríre. Tá daoine neirbhíseach. Tá eagla orthu roimh fhoréigean agus imeaglú. Tá na hoibrithe iompar poiblí i mbaol chomh maith agus níl sé inghlactha a thuilleadh. Ní mhothaíonn siad sábháilte ina n-ionad oibre agus tá sé sin an-tromchúiseach agus an-tábhachtach. Caithfimid éisteacht leo. Níl sé inghlactha a thuilleadh. Tá iompar do-ghlactha feicthe againn go léir.

Rinne mo chomhghleacaí, an Seanadóir Fitzpatrick, tagairt do roinnt eachtraí uafásacha a tharla le déanaí ar iompar poiblí. Chomh maith leis sin, mar ghrúpa, rinneamar suirbhé ar cheist an iompair fhrithshóisialta ar mhodhanna éagsúla iompar poiblí agus tá an suirbhé sin ag mo chomhghleacaí os mo chomhair.

Rinne an Seanadóir Ardagh tagairt don ghá le sábháilteacht a mhéadú chun daoine a spreagadh chun iompar poiblí a úsáid agus chun daoine nach bhfuil aon chineáil iompair eile ar fáil dóibh a chosaint. Caithfidh siad úsáid a bhaint as an gcóras sin. Tá go leor airgid á chaitheamh ag an Stát ar an infreastruchtúr iompar poiblí a fhorbairt ach tá iompar frithshóisialta ag baint an mheasa as sin. Cuireann sé sin frustrachas orm i ndáiríre. Tá pobal áirithe ag fulaingt go géar amhail na daoine atá ag maireachtáil in iarthar Tamhlachta.

Tá mé ag impí ar an Aire Stáit glacadh lenár rún agus fíorbhreithniú a dhéanamh ar aonad iompair thiomanta laistigh den Gharda Síochána a bhunú. Tá sé de dhíth le fada an lá. Tá tacaíocht thraspháirtí faighte ag an rún anocht agus tá mé an-sásta é sin a fheiceáil. Guím gach rath ar an Aire Stáit ina chuid oibre agus impím air glacadh leis an rún seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.