Seanad debates
Wednesday, 16 November 2022
Vaping: Motion
10:30 am
Lorraine Clifford-Lee (Fianna Fail) | Oireachtas source
Cuirim fáilte roimh an deis seo galtoitíní a phlé. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as teacht isteach chuig an Seanad chun an t-ábhar tábhachtach seo a phlé linn. Mar is eol dúinn go léir, tá méadú mór tagtha ar úsáid na dtáirgí seo le blianta beaga anuas. Úsáideann daoine iad mar rogha eile ar thoitíní nuair atá siad ag iarraidh éirí as tobac a chaitheamh. Tugann fianaise le fios freisin go bhfuil daoine óga nár chaith toitíní riamh ag úsáid galtoitíní freisin agus is ábhar imní é seo. Tá fianaise leighis ag taispeáint dúinn go bhfuil na táirgí seo chomh dona le toitíní traidisiúnta nó níos measa fós ná toitíní traidisiúnta. Is minic a thosaíonn daoine óga ag úsáid toitíní traidisiúnta tar éis dóibh na táirgí seo a úsáid fiú, agus rinne an Seanadóir Maria Byrne tagairt do sin freisin.
Is gimic amach is amach iad na táirgí seo, mar a luaigh an Seanadóir Conway. Tá a fhios againn go bhfuil Bille nua á dréachtú ag an Ard-Aighne, faoi stiúir an Aire Sláinte, an Teachta Stephen Donnelly, chun déileáil leis na fadhbanna seo a bhaineann le vápáil agus is deascéal é sin. Táim den tuairim go bhfoilseofar an Bille seo faoi dheireadh na bliana. Cuirfidh an Bille seo cosc ar tháirgí vápála a dhíol le leanaí faoi 18 mbliana d'aois. Tabharfaidh an Bille córas cuimsitheach ceadúnaithe isteach freisin do ghnólachtaí miondíola ar mian leo na táirgí seo a díol. Beidh ar na siopaí seo athnuachan a dhéanamh ar an gceadúnas gach bliain. Tá sé seo an-tábhachtach. Beidh an córas ceadúnaithe seo oiriúnach don dochar a dhéanann na táirgí seo agus tá gá le córas ceadúnaithe atá dian.
Aontaím go bhfuil níos mó ag teastáil, áfach, toisc go ndéanann vápáil an oiread damáiste is a dhéanann toitíní traidisiúnta. Ba cheart na srianta céanna a chur i bhfeidhm orthu. Chuir an Taoiseach an chéad chosc ar chaitheamh tobac in áiteanna áirithe ar domhan i bhfeidhm in 2004 nuair a bhí sé ina Aire Sláinte. Beart suntasach sláinte phoiblí a bhí ann agus chuir tíortha eile cosc den chineál céanna i bhfeidhm i ndiaidh sin. Rinne an beart seo feabhas mór ar shláinte an phobail agus rinne an beirt Seanadóir tagairt don mhéid sin.
No comments