Seanad debates

Wednesday, 26 October 2022

Consumer Rights Bill: Report and Final Stages

 

10:30 am

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na leasuithe. Táimid ag iarraidh dul ar an turas céanna agus an dearcadh céanna a bhaint amach ach níl mé in ann na leasuithe seo a ghlacadh mar gheall ar na cúiseanna a luaigh mé an tseachtain seo caite agus a leag mé amach i mo litir oifigiúil a sheol mé chuig an Seanadóir. Níl an bunús dlí láidir mar is é an chéad uair a tháinig na leasuithe seo os ár gcomhair ag na céimeanna seo. Ní raibh seans againn iad a scrúdú ar bhonn pre-legislative nó sa Dáil. Freisin, táimid buartha faoi chúrsaí costais go háirithe do ghnóthaí beaga. Ní raibh seans againn ábhar an chostais sin a phlé leis na cumainn ghnó.

Tuigim agus aontaím go mór lena a bhfuil á dhéanamh ag an Seanadóir, ach níl mé in ann dul leis na leasuithe seo. Beidh cruinniú agam leis an Seanadóir agus le cúpla Seanadóir eile, an Seanadóir Clifford-Lee ina measc. Tuigim go bhfuil grúpa ann a bhfuil ag iarraidh go mbeadh níos mó pacáistíochta as Gaeilge. Beidh mé in ann cruinniú a thionól an mhí seo chugainn chun an treo is fearr a phlé. Aontaím go mór go gcaithfidh i bhfad níos mó pacáistíochta agus eolais a bheith as Gaeilge i gcúrsaí siopadóireachta agus retail, agus i ngach gné eile.Nílimid in ann glacadh leis na leasuithe ar an ócáid seo ach beidh cruinniú agam leis an Seanadóir agus leis na grúpaí sa spás seo chun an treo le dul a phlé. Leanfaimid ar an turas sin a luaithe agus is féidir. Níl aon suim agam labhairt faoi. Tá mé ag iarraidh dul ar an turas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.