Seanad debates

Wednesday, 5 October 2022

Nithe i dtosach suíonna - Commencement Matters

Court Accommodation

10:30 am

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire. Níor theastaigh mé í a chur faoi bhrú. Chuir mé an cheist seo isteach i mBéarla inné. Cé go bhfuil mé ag úsáid na Gaeilge anois, níl mé ag súil le freagra i nGaeilge uaithi ar an ócáid seo muna bhfuil sí in ann é sin a thabhairt. Glacaim leis nach raibh aon réamheolas aici faoi seo.

Is mian liom labhairt faoi fhorbairt an ionaid nua cúirte dlí teaghlaigh ag Lána an Chrochaire, nó Hammond Lane mar a thugtar air i mBéarla, anseo i mBaile Átha Cliath. Tá an suíomh seo suite in aice leis na Ceithre Cúirteanna. Fógraíodh an fhorbairt sin don chéad uair in 2014 tar éis blianta de cháineadh ó dhlíodóirí nach raibh na cúirteanna dlí teaghlaigh i mBaile Átha Cliath oiriúnach nó fiú sábháilte. Theip ar an Rialtas ag an am an tionscadal seo a chur chun cinn agus tá poll ollmhór sa talamh ag an suíomh seo le breis agus deich mbliana anuas. Níor léiríodh riamh aon phráinn maidir leis an bhforbairt seo. Tá an fhorbairt seo ardaithe agam go minic le roinnt Airí Dlí agus Cirt síos tríd na blianta, an Teachta Flanagan agus Frances Fitzgerald ina measc, ach ní dhearnadh aon dul chun cinn ar an ábhar riamh. Bhí mé an-sásta gealltanas a fheiceáil sa chlár Rialtais maidir leis an bhforbairt seo. Bhí mé dóchasach go dtabharfadh an Rialtas nua tús áite don ionad nua dlí teaghlaigh, atá ag teastáil go géar le blianta fada anuas, faoi dheireadh. Go luath tar éis an Teachta McEntee teacht i mbun oifige mar Aire Dlí agus Cirt, d'fhógair sí go raibh maoiniú faighte aici chun na cúirteanna teaghlaigh nua a fhorbairt faoi dheireadh. Cuireadh fáilte ollmhór roimhe sin ach, ón méid atá ar eolas agam, níl aon dul chun cinn déanta ar an suíomh, faraor. Dá bhrí sin, is mian liom mionsonraí a fháil ón Aire.

Tá an-imní orm faoin easpa dul chun cinn. Tá géarghá leis an ionad cúirte dlí teaghlaigh seo ó dhaoine a úsáideann na cúirteanna ag am an-deacair ina saol agus ó na daoine a oibríonn ann go laethúil, na dlíodóirí agus na hoifigigh chúirte san áireamh. Tá na daoine a úsáideann na cúirteanna teaghlaigh an-leochaileach. Táim ag déanamh tagairt do mhná atá ag fulaingt le foréigean teaghlaigh.Táim ag tagairt do pháistí atá faoi chúram an Stáit agus tuismitheoirí atá ag iarraidh caomhnóireachta, cead cúirte agus íocaíochtaí cothabhála a shocrú tar éis briseadh caidrimh. Chomh maith leis sin, is timpeallacht oibre an-strusmhar é do dhlíodóirí, agus cuireann an easpa áiseanna níos mó struis ar dhaoine. Níl aon seomraí feithimh ann, mar shampla, agus is minic a tharlaíonn coimhlint dá bharr sin. Ionsaíodh roinnt dlíodóirí teaghlaigh agus breithiúna de bharr deacrachtaí a thagann chun cinn go rialta.

Luaigh coiste dlí agus cirt an Oireachtais forbairt an ionaid chúirte sa tuarascáil a foilsíodh le déanaí, inar mhol sé dul chun cinn práinneach a dhéanamh ina leith. Chomh maith leis sin, tá muintir an cheantair sin tinn tuirseach de bheith ag féachaint ar an suíomh ollmhór tréigthe seo. Faillí oifigiúil Stáit sa cheantar atá ann. Tá páistí ag fás aníos sa cheantar agus déantar faillí iomlán orthu leis an suíomh tréigthe seo. Níl sé ceart ná cothrom. Téann sé seo i bhfeidhm ar mhuintir na háite agus orm féin mar Bhaile Átha Cliathach, mar Sheanadóir agus mar dhlíodóir. Bheinn buíoch as eolas cuimsitheach faoi stádas reatha na forbraíochta seo. An bhfuil an t-ionad fós ar an mbóthar ceart le haghaidh oscailt i gceann trí bliana?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.