Seanad debates

Thursday, 29 September 2022

An tOrd Gnó - Order of Business

 

10:30 am

Photo of Barry WardBarry Ward (Fine Gael) | Oireachtas source

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh na scoláirí ó Choláiste Naomh Póil freisin. Ba mhaith liom labhairt faoi thalidomide agus na marthanóirí thalidomide atá fós ina gcónaí anseo in Éirinn. Tá a fhios againn go bhfuil níos lú ná 3,000 duine acu ar fud an domhain agus níos lú ná 36 nó mar sin dóibh atá ina gcónaí in Éirinn fós. Dé Máirt seo chugainn beidh clár teilifíse, "Scannal" ar siúl ar RTÉ 1. Aithneoidh gach éinne anseo an obair a dhéanann an clár teilifíse "Scannal" faoi chúrsaí reatha. Nuair atáimid ag féachaint ar thalidomide agus an fhadhb atá againn, is scannal cinnte atá i gceist. Sin an fáth go bhfuil an clár teilifíse ag labhairt faoi scannal na marthanóirí thalidomide. Tá brón orm nach ndearnadh aon rud an tseachtain seo faoi sin sa bhuiséad nó in aon áit eile. Ní raibh aon chaint faoi ach an oiread. Tá na marthanóirí fós ann. Tá siad fós beo agus fós ag fanacht agus níl faic déanta ag an Rialtas go dtí seo. Sin an fáth go bhfuil mé ag labhairt faoi seo. Tá níos mó ná €2 milliún caite ag an Rialtas ar an gcás seo, ar an bhfadhb seo, seachas €600,000 ag na marthanóirí iad féin. Tá an-difríocht ann idir an tslí inár ndéileáil Rialtas na Breataine leis na marthanóirí agus an tslí inár ndéileáil an Rialtas anseo leo. Bhí rannpháirtíocht ann sa Bhreatain ach níl faic déanta ag an Rialtas anseo. Is an-fhadhb atá ann agus caithfimid rud éigin a dhéanamh faoi. Beidh mise ag féachaint ar an teilifís Dé Máirt seo chugainn agus ba cheart do gach Seanadóir agus gach aon duine féachaint ar an gclár teilifíse sin freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.