Seanad debates

Wednesday, 9 March 2022

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

10:30 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Mar Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGaeilge agus as an nGaeltacht, fáiltím roimh an deis labhairt anseo i Seanad Éireann le linn Seachtain na Gaeilge faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Is pribhléid é dúinn sa tír seo go bhfuil ár dteanga dhúchais againn. Is iad ár dteanga, ár dtraidisiúin agus ár gcultúr atá ag croílár an phobail anseo in Éirinn.

Maidir le pobal labhartha na Gaeilge, ní mór dúinn infheistíocht a dhéanamh sa teanga chun a chinntiú go mbeidh sí á labhairt ag na glúinte atá le teacht. Tá an Rialtas seo tiomanta tacú leis an obair atá ar bun maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Léiríonn an chistíocht mhéadaithe atá curtha ar fáil agam don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mbliana, ar fiú €85.6 milliún í, tiomantas an Rialtais do chur chun cinn na teanga agus do phobal na Gaeltachta, tobar na teanga. Is ardú de €7 milliún ar chiste na bliana seo caite é seo.

Bhí áthas orainn sa Roinn ardú de €4.2 milliún ar bhuiséad TG4 a fhógairt i mbliana. Is é sin an méadú is mó riamh ar mhaoiniú an stáisiúin agus, dar ndóigh, beidh tionchar ag an ardú seo freisin ar rathúlacht na straitéise 20 bliain don Ghaeilge. Ba mhaith liom a lua chomh maith gur fhógair mé níos túisce inniu go bhfuil ciste nua de €150,000 curtha ar fáil agam do Sheachtain na Gaeilge le Energia le spreagadh a thabhairt sa phobal arís d'imeachtaí Gaeilge agus le daoine nua a mhealladh leis an teanga a bhlaiseadh i rith Sheachtain na Gaeilge agus sna seachtainí agus sna míonna beaga os ár gcomhair.

D'fhógair mé le déanaí go mbeidh mo Roinn ag aithint gearrchúrsaí Gaeilge nach giorra ná trí lá mar bheart eisceachtúil i mbliana chun cabhrú tuilleadh le téarnamh chóras na gcoláistí Gaeilge agus chun freastal a dhéanamh orthu siúd a chaill amach ar an deis freastal ar chúrsaí trí seachtaine de dheasca na paindéime. Ciallaíonn sé seo go mbeidh mo Roinn in ann deontais scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge a íoc le teaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastail na ngearrchúrsaí seo. Le linn na paindéime, bhunaigh mo Roinn cúig chiste faoi leith idir anuraidh agus arú anuraidh ar leas na hearnála arbh fhiú thart ar €8 milliún ina iomláine iad.Cuireadh tacaíochtaí maoinithe ar fáil do na coláistí samhraidh féin, do theaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí na gcoláistí agus do hallaí pobail a bhíonn in úsáid ag coláistí samhraidh. Nil aon amhras orm ach gur chabhraigh sé seo uile leis an earnáil teacht trí na dúshláin arbh éigean dúinn uile mar phobal a iompar le beagnach dhá bhliain anuas de bharr na paindéime. Caithfidh mé a rá go bhfuilimid ar fad ag súil go mór le filleadh na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ó cheann ceann na tire ar na ceantair Ghaeltachta an samhradh seo.

I measc bhuaicphointí mo chuid oibre mar Aire Stáit atá freagrach as an nGaeilge le bliain anuas, tá achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 - Acht a phléamar sa Teach seo, dár ndóigh. Leis an obair a dhéanfar le cúram a dhéanamh d'fheidhmiú an Achta, féachfar chuige go mbeidh seirbhísí feabhsaithe go céimnitheach curtha ar fáil do phobal na Gaeilge agus deiseanna suntasacha fostaíochta á gcruthú dóibh siúd a bhfuil inniúlacht sa teanga acu. Tá scríofa ag mo Roinn cheana féin chuig comhlachtaí poiblí ag meabhrú dóibh faoin Acht nua agus na príomhspriocanna atá san áireamh ann. Forálann Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 athchóiriú a dhéanamh ar an mbealach a bheartaímid do sholáthar seirbhísí poiblí Gaeilge ar ardchaighdeán do phobal na Gaeilge. Is tionscadal fadtéarmach é seo a bhfuil taighde cuimsitheach agus forbairt plean náisiúnta um sholáthar seirbhísí poiblí tri mheán na Gaeilge ina chroílár. Chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an Achta sa tréimhse amach romhainn, tá plean oibre forbartha ag oifigigh mo Roinne ina leagtar amach na céimeanna éagsúla atá le glacadh sna míonna amach romhainn chun forálacha an Achta a fheidhmiú. Leis an Acht nua seo, tá bunsraith láidir leagtha síos dúinn mar Stát, chun fíorcheannaireacht a léiriú chun an teanga a chaomhnú do na glúine atá le teacht. Tagann forálacha an Achta i gcomhréir le huaillmhian bheartais fhoriomlán an Stáit chun tacú leis an nGaeilge agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Níor mhiste a lua gur togra uile-rialtais é seo agus go mbeidh oibleagáidí orainn go léir sa státchóras trí chéile maidir lena fhorfheidhmiú. Tá acmhainní breise faighte agam laistigh de leithdháileadh mo Roinne i mbuiséad 2022 chun dlús a chur le cur i bhfeidhm na reachtaíochta nua, chomh maith le hacmhainní breise a sholáthar d'Oifig an Choimisinéara Teanga i mbliana chun córais mhonatóireachta na hoifige sin a neartú. Tá earcú na n-acmhainní foirne breise seo beagnach críochnaithe ag mo Roinn anois.

Tá úsáid na Gaeilge ag leibhéal oifigiúil mar chuid lárnach de na hiarrachtaí atá ar bun chun a chinntiú go mbeidh an teanga in úsáid ag na glúine amach anseo. Tá sé an-tábhachtach don Rialtas go bhfuil an Ghaeilge ina teanga oifigiúil agus oibre iomlán in institiúidí an Aontais Eorpaigh anois mar gur tháinig deireadh leis an maolú ar a húsáid ag deireadh na bliana seo caite. Thug mé féin agus oifigigh mo Roinne cuairt ar an mBruiséil díreach an Déardaoin seo caite, áit a chasamar leis an gCoimisinéir Eorpach atá freagrach as an ilteangachas san Aontas, Johannes Hahn, le hard-stiúrthóir EPSO agus leis an ard-stiúrthóir atá freagrach as seirbhísí ateangaireachta. Ba léir dom agus mé ag caint leis na daoine seo an tábhacht a chonaic siad san éacht atá déanta deireadh a chur leis an maolú le 200 teangeolaithe a bheith ag obair sna hinstitiúidí anois. Tá tionscnaimh éagsúla curtha ar bun ag mo Roinn agus ard-stiúrthóireacht an aistriúcháin le blianta anuas chun cur leis na hacmhainní Gaeilge atá ar fáil mar thacaíocht do na seirbhísí teanga san Aontas agus leanfaimid orainn ag obair leis na hinstitiúidí sna blianta amach romhainn.

Tá go leor bainte amach ag an Rialtas seo maidir le neartú agus buanú na Gaeilge mar theanga pobail agus leanfaimid ag obair agus ag tacú leis an bpobal chun ár spriocanna maidir le cur chun cinn na Gaeilge a bhaint amach.

Má tá cúpla nóiméad eile agam, tagróidh mé don Seanadóir Garvey a bhí ag labhairt níos luaithe anseo agus geallaim di go mbeidh an Rialtas seo ag déanamh gach is féidir linn chun an Acht teanga nua a chur i bhfeidhm sna blianta amach romhainn. Beidh sé dúshlánach ach, le gach eagraíocht Stáit le bheith ag tarraingt le chéile, táim muiníneach go mbainfear na spriocanna amach.

Maidir le hóráid an tSeanadóra Uí Mhurchú, luaigh sé féin na seirbhísí poiblí i nGaeilge agus, go háirithe, An Garda Síochána. Cuirim fáilte roimh an tionscnamh nua amháin atá curtha ar fáil ag Coimisinéir na nGardaí Harris.

Luaigh an Seanadóir Kyne na mná tí agus na hiarrachtaí atá ar bun na scoláirí a mhealladh ar ais agus a choinneáil sna coláistí Gaeilge an samhradh seo. Táim ag obair le Comhchoiste na gColáistí Samhraidh, CONCOS, faoin bhfadhb sin faoi láthair agus táimid ag déileáil leis na fadhbanna atá ag an earnáil seo i mbliana.

Tá m'oifig fós ag obair leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht chomh maith agus táim ag súil le toradh dearfach air sin amach anseo. Bhí mé síos i gContae Chiarraí cúpla lá ó shin agus bhí siad ag caint ann faoi na fadhbanna seo agus tuigimid dóibh. Táimid i dteagmháil le CONCOS maidir leis na rudaí a dúirt an Seanadóir Kyne.

Maidir le Seanadóir Ó Donnghaile, tá éacht déanta ag Coláiste Feirste agus tréaslaím féin agus an tAire, an Teachta Martin, le gach duine ansin as an sárobair atá ar bun acu le blianta fada anuas. Is cinnte go dtabharfadh Acht teanga spreagadh don phobal sin agus do phobail eile nach iad sa Tuaisceart agus beidh an Rialtas seo ag brú chun an tAcht sin a fheiceáil gan mhoill. Mar eolas, tá an buiséad is mó riamh ag TG4 anois.

Luaigh an Seanadóir Mullen an gá le spriocdháta a leagan síos faoina mbeidh seirbhísí Stáit i nGaeilge á gcur ar fáil sa Ghaeltacht. Mar eolas don Seanadóir, tá foráil san Acht nua le spriocdháta a leagan síos chuige sin i gceann dhá bhliain, nó mar sin, agus an taighde don phlean náisiúnta a bheith déanta. Bhí mé i nGaelscoil i mo Dháilcheantar maidin inniu, agus tá siad ag spreagadh agus ag iarraidh gach rud a dhéanamh maidir le cúrsaí Gaeilge. Bhí siad ag caint ann faoin státseirbhís ach bhí siad an-sásta an plean nua Baile Átha Cliath le Gaeilge a fheiceáil freisin. Bíonn daltaí óga timpeall na háite seo ag iarraidh i gcónaí an teanga a chloisteáil agus a fheiceáil. Leis an Acht nua, beidh níos mó daoine ag obair tríd an gcóras Stáit agus beidh nasc níos fearr idir cúrsaí oideachais, an córas Stáit agus na daoine a bheidh ag obair ann freisin. Tá gach duine ag iarraidh an teanga a fheabhsú agus a úsáid tríd an bpobal.

Creidim féin go spreagann an Ghaeilge, agus na traidisiúin a ghabhann léi, comhoibriú agus spioraid na meithle i measc daoine i ngach gné dá saol. Bíonn comhoibriú leanúnach idir an clár Éire Ildánach de chuid mo Roinne, ár rannáin Gaeltachta agus TG4 chomh maith. Is cur chuige é seo a léiríonn go bhfuil an Ghaeilge fite fuaite in obair gach rannóg de chuid mo Roinne.

Anuas air sin, shínigh Tourism Ireland agus Údarás na Gaeltachta comhaontú le déanaí ar mhaithe le tuilleadh comhoibrithe a chur ar bun maidir le forbairt tograí Gaeltachta in earnáil na turasóireachta.

Táim féin, an tAire, an Teachta Martin agus an Rialtas seo tiomanta gealltanais an Rialtais i leith fhorbairt agus neartú na Gaeilge a chur i bhfeidhm agus leanfaimid orainn á dhéanamh sin le linn na bliana atá amach romhainn. Go raibh míle maith agat, a Leas-Chathaoirligh, mar gur úsáid mé cúpla nóiméad sa bhreis ansin. Bainigí uile sásamh as Seachtain na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.