Seanad debates
Wednesday, 9 March 2022
Seachtain na Gaeilge: Ráitis
10:30 am
Rónán Mullen (Independent) | Oireachtas source
Cuirim fáilte roimh an Aire agus an Aire Stáit. Tá áthas orainn go bhfuil an bheirt acu anseo. Mar a dúirt siad féin, léiríonn sé sin an meas atá acu ar an teanga agus ar thábhacht a ról maidir le cur chun cinn agus caomhnú na teanga. Is seachtain an-tábhachtach í Seachtain na Gaeilge. Ní hamháin Seachtain na Gaeilge atá i gceist ach seachtain an Ghaelachais.
Is bliain chinniúnach do chearta teanga in Éirinn atá ann agus Acht teanga nua rite i dTithe an Oireachtais agus sínithe ag an Uachtarán. Déanaim comhghairdeas leis an Aire Stáit, leis na feidhmeannaigh a luaigh an Seanadóir Kyne agus le gach duine a chuir an Bille sin chun cinn agus a thóg muid go dtí an pointe áirithe seo. Ciallaíonn an reachtaíocht nua go bhfuil cearta nua ríthábhachtacha ag lucht na Gaeilge, mar is eol dúinn uilig. Cuirfidh sé go mór le caighdeán agus líon na seirbhísí Stáit a sholáthraítear do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Cé gur eol dúinn, is fiú a mheabhrú do dhaoine cé chomh tábhachtach is atá sé go leagtar síos sa dlí gur cainteoirí Gaeilge a bheidh i 20% d'earcaithe nua don tseirbhís phoiblí faoin mbliain 2030. Is príomhsprioc an Bhille nua é sin. Is fíorthábhachtach é sin i bhfianaise na céime ar chúl a bhí ann sna 1970idí nuair a fuarthas réidh le riachtanas na Gaeilge sa Státseirbhís.
Chomh maith leis sin, beidh ar sheirbhísí poiblí taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil amach anseo. Tá na forálacha maidir le fógraí a bheith i nGaeilge agus 5% den bhuiséad a bheith ar fáil dóibh siúd atá ag obair in earnáil na teanga Gaeilge fíorthábhachtach. Maidir le seirbhísí ón earnáil phoiblí a bheith ar fáil do dhaoine sa Ghaeltacht trí Ghaeilge, níl aon spriocdháta go fóill. Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh spriocdháta ann amach anseo. Mar a dúirt an Seanadóir Ó Donnghaile, tá an-chuid déanta ach tá bealach le dul go fóill.
Mar a dúirt an Seanadóir freisin, b'ócáid fhíorthábhachtach é nuair a raibh Linda Ervine os ár gcomhair an tseachtain seo caite. Tréaslaímid uilig léi siúd, mar a rinneamar ar an lá sin. Léirigh sí agus chruthaigh sí arís nach rud é an teanga a bhaineann le grúpa amháin laistigh den tsochaí ach gur le gach duine í. Is le Caitlicigh agus le Protastúnaigh í. Is le náisiúnaigh agus le haontachtaigh í. Caithfimid teacht le chéile chun fáil réidh le gach rud atá ina bhac le cur chun cinn na teanga ó Thuaidh agus ó Theas. Caithfimid uilig amharc ar chur chun cinn na teanga mar rud ar féidir linn a roinnt le chéile agus rud nach mbeidh aon duine thíos leis má chuirtear chun cinn í sa tsochaí.
Céard is fiú teanga? Céard is fiú an Ghaeilge? Cén fáth go mbacaimid léi? Ní modh cumarsáide amháin atá sa teanga, ach modh smaoinimh agus modh beatha. Nuair a bhí Linda Ervine anseo an tseachtain seo caite, thug mé an nath sin "duine le Dia" di, nath a úsáidtear sa Ghaeilge le cur síos a dhéanamh ar dhuine le míchumas intinne. Léiríonn sé bealach le breathnú ar an duine. Is bealach a thagann ó shaibhreas na Gaeilge a léiríonn dínit an duine sin. Nuair a amharcaimid ar na rudaí uafásacha atá ag tarlú san Úcráin agus sa tSín agus nuair a smaoinímid ar fhulaingt na nUigiúrach agus ar an dímheas agus an chos ar bholg atá orthu toisc teanga dhifriúil agus creideamh difriúil a bheith acu agus ar an easpa mheas ar dhínit an duine agus ar dhaoine atá difriúil atá ann, léiríonn sé sin chomh tábhachtach is atá sé dúinn meas a bheith againn ar ár modh beatha féin, ar ár dteanga féin agus ar ár gcultúr féin. Arís, i gcás na hÚcráine, tá easpa mheas ar chultúir éagsúla á léiriú ag na húdaráis sa Rúis. Tá sé tábhachtach go ndéanfaimid an nasc sin i gcónaí. Céard is fiú teanga speisialta dár gcuid féin a bheith againn? Ní caitheamh aimsire í an Ghaeilge. Níl sé cosúil le cúrsaí spóirt ná rudaí eile atá tábhachtach. Tá níos mó i gceist. Ná déanfaimid dearmad air sin riamh. Tá mo chuid ama istigh. Is é sin an méid atá le rá agam. Gabhaim míle buíochas arís leis an Aire agus an Aire Stáit.
No comments