Seanad debates

Wednesday, 9 March 2022

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

10:30 am

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh an Aire Stáit. Tá cuma mhaith ar an Aire Stáit sa suíochán sin agus an bearradh gruaige aige fosta. Is minic a bhím istigh anseo ag gearáin faoi chúrsaí Gaeilge agus tá a lán gearán agam fós. Díreoidh mé isteach anocht ar an ngné de Sheachtain na Gaeilge atá ina cheiliúradh, áfach, mar is ceiliúradh í Seachtain na Gaeilge, mar is eol dúinn. Guím beannachtaí ar gach duine ach go háirithe na daoine óga atá ag foghlaim trí mheán na Gaeilge sna Gaelscoileanna fud fad na tíre. Tá sé sin luaite ag cainteoirí romham.

Agus mé á dhéanamh, cuireann sé i gcuimhne dom gurb é seo 30ú breithlá Choláiste Feirste, seanscoil agam féin. Bhí sé ar an gcéad mheánscoil Ghaeilge sna Sé Chontae. Faoi láthair, is í an Ghaelscoil dhara leibhéal is mó in áit ar bith in Éirinn í le breis agus 800 scoláire ag freastal uirthi. Nuair a smaoiním siar ar an dóigh ar thosaigh an scoil, gan deontas, faoi a lán bagartha, gan mórán spáis ná foirgnimh fhairsinge ag an scoil agus nuair a smaoiním ar an eiseamláir ina bhfuil sí anois, tógann sé sin mo chroí. B'fhéidir gur féidir leis an Aire agus leis an Aire Stáit scríobh chuig an scoil le beannachtaí breithlae a ghuí ar Choláiste Feirste le linn na tréimhse seo.

Ba cheart go raibh ceiliúradh ann anuraidh le linn na paindéime de 50 bliain phobal Bhóthar Seoighe ach chuir an phaindéim bac air sin ar an drochuair. Tá súil agam go mbeimid in ann ceiliúradh ceart agus fairsing a dhéanamh don phobal ansin agus an dea-shampla a thug siad do Ghaeilgeoirí fud fad na tíre agus níos faide arís.

É sin ráite, bheadh spéis liom cloisteáil ón Aire cad é an gníomhú is déanaí atá déanta ag an Rialtas le Rialtas na Breataine maidir le heaspa reachtaíochta Gaeilge ó Thuaidh. Dar ndóigh, ba choimitmint é den chomhaontú New Decade, New Approach, go mbeadh Acht na Gaeilge curtha i bhfeidhm. Táimid ag fanacht go fóill. Bhí mé ag agóid i mBéal Feirste an tseachtain seo caite mar tá ciorruithe déanta ó Thuaidh ar na seirbhísí óga Gaeilge.

Tá na céadta daoine óga i mBéal Feirste ag imeacht ón scoil agus ag dul trí na seirbhísí seo. Tá a fhios againn go léir, cé go bhfuil buntábhacht le foghlaim na Gaeilge sa seomra ranga, go bhfuil tábhacht ar leith le bheith in ann an Ghaeilge a úsáid, a labhairt agus a chloisteáil taobh amuigh den seomra ranga fosta. Is cúis imní í sin dúinn i mBéal Feirste. Tá súil agam go bhfuil dlúthpháirtíocht ó gach grúpa sa Seanad do na daoine óga agus na grúpaí óga sin atá amuigh ar na sráideanna i mbun agóide faoi láthair.Mar a dúirt mé ag an tús, tá a lán le ceiliúradh againn. Thug Linda Ervine, comharsa de mo chuid in oirthear Bhéal Feirste, óráid spreagúil inspioráideach dúinn. Chuir sí i gcuimhne dúinn sa Seanad an tseachtain seo caite cé chomh sáite agus measctha is atá an Ghaeilge sa stair agus sna pobail atá againn ar fad. Is cuimhin liom an méid a dúirt an craoltóir de chuid an BBC, William Crawley, ag imeacht i Halla na Cathrach nuair a lainseáladh an tionscadal Líofa ó Thuaidh. Bhí sé ag freastal ar ranganna Gaeilge é féin. Is ó chúlra Protastúnach é fosta. Dúirt sé faoin teanga that it just bubbles up from the earth all around us. D'fhan sé sin liom. Bhí sé sin breis is deich mbliana ó shin. Tá sé iomlán fíor.

Tá cásanna eile le ceiliúradh, mar is eol don Aire. Tréaslaím leis an tionscadal Baile Átha Cliath le Gaeilge. Is dea-shampla é sin dúinn in achan chuid den tír agus is féidir linn an múnla sin a úsáid i gcathracha agus sráidbhailte eile. An bhfuil plean ar bith ann tionscadal Corcaigh le Gaeilge nó Port Láirge le Gaeilge a chur ar bun nó a leithéid a chur ar bun i cibé baile atá ag iarraidh é sin a dhéanamh?

Críochnóidh mé ar leasú a mhol mé nuair a bhí an Bille teanga á phlé againn. Cosúil le comhghleacaithe eile, tá áthas orm go ndeachaigh an Bille trí na Tithe. Bhí fear óg i dteagmháil liom inniu, Cian Ward, atá i mbun tionscadal mar gheall ar phacáistiú dátheangach. Tá sé ag iarraidh go mbeidh ar chomhlachtaí an pacáistiú iomlán ar na táirgí atá acu a bheith léirithe go dátheangach. Ar an drochuair, níor glacadh leis an leasú a mhol mé ag an am. Sílim gur rud é sin gur féidir linn a bhaint amach.

Luaigh an Seanadóir Kyne an tábhacht a bhaineann leis na meáin Ghaeilge. Bhí roinnt mhaith ionadaithe ó na meáin os comhair an choiste inniu. An bhfuil plean ar bith le cur leis an infheistíocht sna meáin Ghaeilge mar gheall ar an bhagairt ar na meáin ina iomláine faoi láthair?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.