Seanad debates

Wednesday, 9 March 2022

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

10:30 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh an Aire Stáit, freisin. Is deas an rud é an tAire a fheiceáil anseo ag na ráitis. Tapaím an deis seo chun aitheantas a thabhairt agus mo bhuíochas a ghlacadh leis an Roinn, le hÚdarás na Gaeltachta, leis na heagrais Gaeilge, Foras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge as ucht na sároibre atá ar bun acu chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Chuir an phaindéim Covid cosc ar theacht le chéile an phobail le cúpla bliain anuas. Bhí impleachtaí móra aige seo ar chúrsaí Gaeilge agus ar na coláistí Gaeilge.

Mar Aire Stáit, chuir mé pacáiste cúitimh ar fáil do na coláistí samhraidh agus na mná tí in 2020 chun cabhrú leo teacht tríd an ngéarchéim, mar a rinne an tAire agus an tAire Stáit anuraidh. Tá mé dóchasach, tar éis dhá bhliain, go mbeidh rudaí ar ais mar a bhí agus nach mbeidh impleachtaí fadtéarmacha ag Covid ar an earnáil thábhachtach seo. An gceapann an tAire agus an Roinn go mbeidh aon fhadhb leis an earnáil tar éis dhá bhliain gan cuairteoirí ná scoláirí ó thaobh uimhreacha na mban tí i mbliana? An bhfuil aon phlean aici an deontas do na mná tí a ardú i mbliana?

Beidh daonáireamh 2022 ag dul ar aghaidh i mí Aibreáin. Beidh sé suimiúil a fheiceáil an mbeidh ardú ar líon na gcainteoirí Gaeilge mar go meastar go bhfuil ardú sa daonra. In 2016, bhíomar ag teacht amach as drochthréimhse eacnamaíoch sa tír, rud a chur brú ar cheantair Ghealtachta ach go háirithe agus ar dhaoine sna fichidí agus sna tríochaidí. Chuaigh go leor acu siúd ar imirce ach, buíochas le Dia, tháinig go leor acu ar ais.

Cuireann TG4 seirbhís iontach ar fáil agus cuireann sé go mór leis an nGaeilge. Cuireann sé fostaíocht agus deiseanna ar fáil ar fud na tíre agus go háirithe sna ceantair Ghaeltachta. Ar an gcaoi chéanna, cuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta seirbhís riachtanach ar fáil agus léiríonn sé luach den scoth ar airgead poiblí. Go deimhin, beidh Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh 50 bliain ar an aer an mhí seo chugainn. Is sprioc thábhachtach agus léiriú é ar obair an oiread sin daoine thar na blianta.

Ní mór dúinn cuimhneamh, áfach, gurb é RTÉ an craoltóir náisiúnta. Tá RTÉ freagrach as cainteoirí Gaeilge agus as gach duine a bhfuil suim acu sa teanga. Cé go bhfuil roinnt feabhsuithe déanta, ar nós níos mó nuachta Gaeilge ar raidió RTÉ, ní mór do RTÉ tuilleadh oibre a dhéanamh chun a dhualgas a chomhlíonadh don phobal ar fad, cainteoirí Gaeilge chomh maith le cainteoirí Béarla. Beidh RTÉ in ann tosú le dhá bheart a d'fhéadfadh sé cur i bhfeidhm láithreach.

Ar dtús, ní mór nasc a chur ar an leathanach nuachta ar rte.ie a mbeadh díreach taobh le nasc an leathanaigh news. Ar an gcaoi chéanna, ar an aip RTÉ News, ba cheart go mbeadh an leathanach nuachta mar rogha, díreach tar éis an leathanaigh news. Faoi láthair, caitear dul ar clé seacht n-uaire chun é seo a bhaint amach agus ní comhionannas é sin. Is athrú beag é an dara rud a mbeadh tionchar aige ar an RTÉ News channel ar an teilifís. Tá sé tábhachtach go mbeadh cainéal nuachta agus cúrsaí reatha ag Éirinn a chuireann eolas úsáideach ar fáil don phobal.

D'fhéadfaí é seo a fheabhsú, áfach, tríd an nuacht is déanaí in aghaidh na huaire a chur ar fáil as Gaeilge. D’fhéadfaí nuacht a bheith i mBéarla ar bhuille na huaire agus an nuacht Ghaeilge is déanaí leathuair ina dhiaidh sin. Tá sé ríthábhachtach úsáid na Gaeilge a spreagadh and líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú. Cabhróidh an dá bheart seo a d’fhéadfar iad a chur i bhfeidhm go héasca agus go tapa. D'fhéadfadh an tAire dul i dteagmháil le RTÉ maidir leis an dá smaoineamh sin.

Maidir le ceist phleanála sa Ghaeltacht, bhí an tAire, an Teachta Darragh O'Brien, os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge le déanaí maidir le cúrsaí tithíochta. Tá na treoirlínte náisiúnta le bheith ar bhord an Aire Stáit, an Teachta Peter Burke, go luath agus beidh siad ag dul amach ag lorg aighneachtaí ina dhiaidh sin. Is í an cheist mhór ná go bhféadfar rialacha níos réchúisí a chur i bhfeidhm sna Gaeltachtaí le hais áiteanna eile agus gach rud eile a bheith mar an gcéanna.

Ó thaobh cheist an oideachais de, caithfimid níos mó a dhéanamh maidir le múinteoirí atá líofa sa Ghaeilge. B'fhéidir go dteastaíonn múinteoirí ar cuairt chun cabhrú leis an nGaeilge in áiteanna a bhfuil na múinteoirí buana sách lag sa Ghaeilge. Tá a fhios agam go n-oibríonn scéim na gcúntóirí teanga go han-mhaith sna scoileanna Gaeltachta. B'fhéidir go bhfuil deiseanna taobh amuigh den Ghaeltacht freisin.

Molaim an obair atá déanta ag Údarás na Gaeltachta. Bhí níos mó post cruthaithe aige an bhliain seo caite ná mar a raibh ó 2008. Is rud tábhachtach é sin agus is luach maith é don airgead agus infheistíocht atá curtha isteach in Údarás na Gaeltachta.

Déanaim comhghairdeas leis an Aire agus leis an Aire Stáit as ucht Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a thabhairt trí na Tithe tar éis próisis fhada ón am a foilsíodh é in 2019. Tréaslaím leis an obair atá déanta ag an Aire, ag an Aire Stáit agus ag na feidhmeannaigh sa Roinn ar an reachtaíocht thábhachtach sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.