Seanad debates
Wednesday, 9 March 2022
Seachtain na Gaeilge: Ráitis
10:30 am
Róisín Garvey (Green Party) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Aire as ucht teacht isteach. Tá an-chuid gnó le déanamh aici so táim fíorbhuíoch di as a chuid ama. Is Acht stairiúil í Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus cuirim fáilte roimhe. Gabhaim buíochas leis an Aire agus leis na daoine a bhí ag obair ar an Acht seo.Tá sé uaillmhianach agus beidh orainn oiliúint agus teagasc na Gaeilge a fheabhsú chun na spriocanna atá leagtha amach againn a bhaint amach. Is í an phríomhsprioc ina leith seo ná go mbeidh ar a laghad 20% d'earcaithe nua sa tseirbhís phoiblí inniúil sa Ghaeilge faoi dheireadh na bliana 2030. Tá sé sin an-tábhachtach mar nuair a bhítear ag iarraidh aon rud nó gnó a dhéanamh trí na seirbhísí poiblí, b'éigean fanacht ar ghlaoch ar ais mar ní bhíonn aon duine ann chun é a dhéanamh. Chaithfí fanacht go dtí go ndéanfaidh an t-aon duine san fhoirgneamh atá in ann Gaeilge a labhairt glaoch ar ais ar an duine sin. Má tharlaíonn an 20% sin, athróidh sé gach rud mar beidh na páistí atá ag freastal ar na Gaelscoileanna ag cloisteáil Gaeilge taobh amuigh den scoil agus b'fhéidir go mbeidh brú ar na tuismitheoirí a chuireann a gcuid páistí ar na Gaelscoileanna agus nach bhfuil an Ghaeilge acu an Ghaeilge a fhoghlaim freisin. Mura bhfeictear rud beo i do cheantar, níl sé tábhachtach don duine. Is é sin an fáth, ar thaobh amháin, gur theipeamar go dtí seo an Ghaeilge a fhorbairt i gceart sna scoileanna.
Uaireanta, bím saghas cúthail an Ghaeilge a labhairt mar mothaíonn gach duine sa seomra díomách agus go bhfuil an locht orthu mura bhfuil an Ghaeilge acu mar bhí Gaeilge acu sa scoil ar feadh 14 bliana ach níor labhair siad í.
Mura labhraítear teanga ní fiú í a scríobh nó a léamh mar is teanga bheo í an Ghaeilge. Táim in ann í a labhairt agus is dúshlán mór é í a scríobh ach is é an bhéim is mó a bhíonn ar an nGaeilge i ranganna go minic ná chun í a scríobh. Tá fadhbanna leis sin mar mura bhfuil féinmhuinín ag na múinteoirí atá ag múineadh na Gaeilge, ní bheidh siad ag iarraidh na daltaí a spreagadh chun í a labhairt ach an oiread. Bhí bean amháin i gColáiste Muire, Inis, agus bhí an oiread grá aici don Ghaeilge gur chuma cé a bhí sa rang, d'fhág an duine sin le grá don teanga. Mura bhfuil féinmhuinín ag na múinteoirí atá ag múineadh na Gaeilge, ní éireoidh linn. Bhí mé ag smaoineamh faoi seo mar go minic múintear an Ghaeilge trí mheán an Bhéarla. Tarlaíonn sé sin go minic i scoileanna, ach ní oibríonn sé. Téann na mílte daoine ó Éirinn ag múineadh an Bhéarla ar fud an domhain. Is féidir leo obair mar mhúinteoirí TEFL, nó teaching English as a foreign language, cé nach bhfuil aon fhocal sa teanga ón tír eile acu. Bíonn siad in ann an Béarla a mhúineadh gan fhadhb ar bith. Ní fheadar ach nuair a bheimid ag déanamh na traenála i gcomhair na múinteoirí bunscoile nó meánscoile atá ag múineadh na Gaeilge, ba cheart go mbeadh cúrsa TEFL de shaghas éigin déanta acu freisin. B'fhéidir go mbeadh in-service day nua ann. Tar éis dom cúrsa gearr TEFL a dhéanamh, bhí mé in ann na rudaí a fuair mé amach sa chúrsa sin a úsáid i ranganna Gaeilge do dhaoine fásta. Tá fonn ar dhaoine an Ghaeilge a labhairt arís. Má tá siad chomh dona ina leith sin gur theip orthu í a labhairt tar éis 14 bliana ar scoil, beidh siad cúthail faoi. Má eagraítear ranganna agus nach úsáidtear ach an Ghaeilge amháin, beifear in ann í a mhúineadh agus beidh daoine in ann í a fhoghlaim. Ní cheapaim go gcreideann a lán daoine sa tír seo go bhfuil sé sin fíor ach féach ar TEFL. Éiríonn leis an t-am ar fad i ngach tír eile.
It is amazing because we all love our language more now than ever but sometimes I am afraid to speak Irish because I end up, by accident, making people feel bad. Those who spent 14 years learning Irish, but cannot speak it now, tend to blame themselves. It is definitely not their fault that they did not learn Irish. I was lucky because my parents brought me to Conamara when I was 11. I was in An Cheathrú Rua, Ros Muc and Gaoth Dobhair on holidays. We went and saw Irish as a living language. It is sad to see so many parents who send their children to Gaelscoileanna, which are brilliant and amazing, never making any attempt to learn Irish or to show their children that Irish is a living language. If one is sending one's children to a Gaelscoil, it is important to make such an attempt. Children need to see things alive.
One can teach Irish, like any other language, fully without speaking a word of English. We do it all the time when we go abroad. We run TEFL courses successfully in Vietnam and Outer Mongolia without a word of the local language. Irish people have been doing this for years, having completed a three-month TEFL course. However, we do not have the same belief about being able to teach Irish without using any English. It is only when I did a TEFL course and acquired some good skills and tools that I had the confidence to start an adult class in Irish without using any English. I was using games, movement and dance and other tools to teach. Everybody learned Irish and it was brilliant and fun. We must take seriously the importance of speaking the language when teaching in the classroom. We need teachers to have the self-confidence and the training to give them the belief that they can speak the language. That is the best way to teach Irish. It is very important to take this seriously because we continue to have people coming through the education system and out at the other end and feeling bad because they cannot speak their beautiful Irish language.
No comments