Seanad debates

Wednesday, 9 March 2022

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

10:30 am

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source

Mar Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, fáiltím roimh an deis labhairt leis na Seanadóirí inniu i Seanad Éireann le linn Sheachtain na Gaeilge 2022. Nuair a bhímid ag caint ar theangacha, labhraímid ar an máthairtheanga. Is iad ár máithreacha agus ár seanmháithreacha a labhair ár dteanga, an Ghaeilge, linn le cinntiú go mbeadh sí againn inniu le roinnt ar ár leanaí féin agus ar na glúnta atá le teacht.

Rinneamar ceiliúradh inné ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. Bhí mná an domhain ag ceiliúradh ar lámh amháin agus ag fulaingt ar lámh eile.Táim ag cuimhneamh go háirithe ar mhná na hÚcráine. Ní féidir linn a chur i bhfocail an sléacht atá ag tarlú inniu in oirthear na hEorpa sa bhliain 2022. Mar bhean, goileann sé orm na tuairiscí atá ag teacht amach as an Úcráin. Tá mná ag teitheadh agus iad ag iarraidh a leanaí a chosaint. Tá mná eile ag fanacht agus ag seasamh ar son an daonlathais, ar son na héagsúlachta agus ar son na síochána. Mar dhuine daonna agus mar bhean, is tuar dóchais dom an daonnacht atá á léiriú ag pobail, go háirithe sna tíortha sin ar theorainn oirthear na hÚcráine agus anseo ag an mbaile. Leanaimis lenár n-iarrachtaí gach tacaíocht ar féidir linn a thabhairt do phobal na hÚcráine agus pobail trí chéile atá ag fulaingt de bharr na sléachta seo.

Táimid ar fad ag súil go mór le filleadh na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ó cheann ceann na tíre go dtí an Ghaeltacht an samhradh seo. Tá tábhacht faoi leith ag scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge de chuid mo Roinne don Ghaeilge agus do gheilleagar na Gaeltachta araon agus í 50 bliain ar an bhfód i mbliana. Ag croílár an scéil, tá na mná tí Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do na mílte scoláirí bliain i ndiaidh bliana. Is é cuspóir scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, atá ar an scéim is sine atá á riar ag an Roinn, tacú le deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil sa Ghaeltacht do lucht freastail iar-bhunscoileanna agus tríú leibhéal na tíre. Ceaptar go bhfuil tuairim is 1 milliún foghlaimeoir tar éis leas a bhaint as an scéim ó bunaíodh í 50 bliain ó shin in 1972. Tá moladh mór ag dul do mhná na Gaeltachta dá bharr inniu, lá tar éis Lá Idirnáisiúnta na mBan.

Tuigim gur labhair Linda Ervine sa Teach seo an tseachtain seo caite maidir leis an obair atá ar bun aici in oirthear Bhéal Feirste. Is léir go bhfeiceann Linda, agus a cuid oibre cheannródaíochta ar bun aici, gur linne uile ar an oileán seo an Ghaeilge. Molaim í dá bharr agus tapaím an deis seo tréaslú léi as an dul chun cinn atá déanta aici.

Tá an straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus an plean gníomhaíochta don Ghaeilge ann, in éindí lé polasaí an Stáit don Ghaeilge agus do na ceantair Ghaeltachta. Tá úinéireacht tras-Rialtais ar an straitéis agus ar an bplean gníomhaíochta a thacaíonn léi. Dá réir sin, tá sé de chúram ar Ranna Rialtais, ar fhorais agus ar eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta an plean a chur i bhfeidhm. Tá sé de chúram ar mo Roinn an obair sin a chomhordú chomh maith, dar ndóigh.

Foilsíodh an dara tuairisc ar fheidhmiú an phlean gníomhaíochta don Ghaeilge roimh an Nollaig in 2021. De thoradh na comhpháirtíochta agus na comhúinéireachta a bhaineann leis seo uile, is údar sásaimh é domsa go bhfuil dul chun cinn suntasach le sonrú sa dara tuairisc seo. Den 185 gníomh sa phlean, atá á bhforbairt ag thart ar 60 páirtí leasmhar, bhí 51 gníomh le cur i bhfeidhm idir 2018 agus deireadh 2020. Bhí 27 gníomh curtha i bhfeidhm ag deireadh 2020 agus tá 16 eile idir lámha. Bhain moill le hocht gcinn acu. Tá an tAcht teanga nua achtaithe agus deireadh curtha leis an maolú ar úsáid na Gaeilge san Aontas Eorpach ó shin. Is péire de na bearta polasaí is mó i saol na Gaeilge a cuireadh i bhfeidhm le fada an lá iad.

Gan amhras, bhí sé dúshlánach feidhmiú le linn na paindéime le cúpla bliain anuas ach, mar sin féin, tá dul chun cinn suntasach déanta in ainneoin na ndúshlán a chuir an phaindéim romhainn. Anuraidh, d'fhoilsigh an eagraíocht Státmhaoinithe Gaeltachta, Tuismitheoirí na Gaeltachta, taighde nua ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge laistigh de na limistéir oifigiúla Gaeltachta. Gan dabht, is píosa tábhachtach taighde atá anseo a bheidh ina áis do mo Roinn agus d'eagraíochtaí eile atá ag feidhmiú san earnáil Gaeilge sa Ghaeltacht. Is sampla é den tsárobair atá ar siúl ag Tuismitheoirí na Gaeltachta sa Ghaeltacht. Bhí muidne sa Roinn an-sásta go raibh ar ár gcumas allúntas suas le €1.6 milliún thar an tréimhse 2021 go 2023 a cheadú don eagraíocht. Cuirfidh an t-allúntas seo ar chumas na heagraíochta, a bhfuil seisear feidhmeannach fostaithe aige anois, cur leis an raon gníomhaíochtaí agus tacaíochtaí atá á riar aige sna ceantair Ghaeltachta éagsúla mar thaca breise d'fheidhmiú an phróisis pleanála teanga agus an pholasaí don oideachas Gaeltachta araon.

Is léir go bhfuil dúshláin againn maidir le staid na Gaeilge sa Ghaeltacht, mar a aithnítear sa tuarascáil. Ní féidir le haon duine a shéanadh go bhfuil géarchéim ann sna ceantair Ghaeltachta is laige. Is í an straitéis 20 bliain don Ghaeilge bunchloch pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge. Mar a cuireadh in iúl roimhe seo, tá raon moltaí á gcur i bhfeidhm i láthair na huaire sa straitéis a bhaineann leis na naoi réimse seo a leanas: oideachas; an Ghaeltacht; an teaghlach; riarachán; seirbhísí agus pobal; na meáin agus an teicneolaíocht; foclóirí; reachtaíocht agus stádas; agus saol eacnamaíochta agus tionscnaimh leathana. Is tríd an obair sna réimsí éagsúla seo a thabharfaimid aghaidh ar na dúshláin sa Ghaeltacht a shárú.

Ar ndóigh, tá réimse na fostaíochta ar cheann de na réimsí is tábhachtaí ó thaobh na teanga de, agus go háirithe fostaíocht sna ceantair Ghaeltachta. Anuraidh, cruthaíodh 825 post nua lánaimseartha i gcomhlachtaí Gaeltachta de chuid an údaráis. Is é seo an líon is airde post a cruthaíodh in aon bhliain amháin ó bhí 2008 ann. Mar chuid lárnach den phleanáil teanga sa Ghaeltacht, tá sé tugtha le fios ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil athbhreithniú idir lámha aige ar na córais agus an cur chuige atá in áit ag an eagraíocht maidir le cur chun cinn na Gaeilge ina gcliantchomhlachtaí.

Tá trí chéim aitheanta ag an údarás san obair athbhreithnithe inmheánach seo atá ar siúl agus ar cuireadh tús leis anuraidh. Bhain an chéad chéim le athbhreithniú ar riachtanais na heagraíochta mar a bhaineann sé le cothú na teanga i gcliantchomhlachtaí agus ar na córais riaracháin agus tuairiscithe inmheánacha atá i bhfeidhm le pleananna teanga a aontú agus le monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bpleananna teanga sin. Fostaíodh an comhlacht comhairleoireachta Meas Media le tabhairt faoin obair seo i gcomhair le feidhmeannaigh an údaráis. Tuigtear dom go bhfuil an chéad chéim den athbhreithniú críochnaithe agus go bhfuil céimeanna tógtha chun tús a chur le moltaí an athbhreithnithe a chur i bhfeidhm.

I measc na moltaí a tháinig as an gcéad chuid den athbhreithniú bhí: an gá atá le pleananna teanga a aontú ag tabhairt san áireamh riachtanais an chliaint féin, an ceantar ina bhfuil siad lonnaithe, an margadh ar a bhfuil siad dírithe agus an earnáil ina bhfuil siad ag feidhmiú; agus an gá atá le tacaíochtaí breise agus nuálaíoch a thairiscint chun na cliantchomhlachtaí a spreagadh agus a mhealladh leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa ghnó go hinmheánach agus go seachtrach.

Tá tús curtha leis an dara gné den obair le roinnt seachtainí anuas. Tuigtear dom go bhfuil an comhlacht taighde Brioclage fostaithe agus ag tabhairt faoi thaighde a dhéanamh ar na cliantchomhlachtaí féin agus a gcuid fostaithe. Baileofar eolas agus tuairimí uathu a bheidh mar bhunús do chlár tacaíochta nua a bheidh le forbairt. Beidh an clár seo dírithe ar na cliaint a mhealladh agus a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn ina ngnólachtaí go hinmheánach agus go seachtrach.

Bainfidh an tríú gné den obair athbhreithnithe seo le cur i bhfeidhm na moltaí a thiocfaidh ón obair thaighde seo ar na cliantchomhlachtaí agus le forbairt ábhair agus tacaíochtaí breise a bheidh mar chuidiú leis na spriocanna thuas a bhaint amach.

Agus an obair seo uile curtha i gcrích ag an údarás, tacaíodh sé leis an obair den scoth atá ar bun ag na pobail Ghaeltachta ar mhaithe leis an teanga a thabhairt don chéad ghlúin eile. Tá an próiseas pleanála teanga faoi bhláth sa Ghaeltacht anois de bharr obair mo Roinne, Údarás na Gaeltachta, Fhoras na Gaeilge agus na bpobal Gaeltachta ach go háirithe. Mar atá léirithe in obair an údaráis, osclóidh an próiseas deiseanna eile chun an teanga a fhorbairt i réimsí agus earnálacha nua. Tá muidne sa Roinn ag súil leis an deis tógáil ar an obair atá déanta go nuige seo ar mhaithe leis an leas is mó don Ghaeltacht a fháscadh amach as an bpróiseas.

Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí agus tá súil agam go mbainfidh siad sult as Seachtain na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.