Seanad debates

Thursday, 3 March 2022

Address to Seanad Éireann by Ms Linda Ervine to mark Seachtain na Gaeilge

 

10:30 am

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail) | Oireachtas source

Ba mhaith liom fáilte ó chroí a chur roimh Linda. Is iontach an rud é go bhfuil sí linn chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh agus is iontach an rud é a scéal a chloisteáil. Tá a cuid oibre thar na blianta ar son a pobail agus ar son a teanga in oirthear Bhéal Feirste inspioráideach. Molaim go hard í as an sárobair seo. Briseann an obair sin baic agus cruthaítear tuiscint agus caoinfhulaingt. Bíonn Linda ag déanamh obair trasphobail agus tá sí ag athrú na meoin atá ag daoine faoin nGaeilge, rud atá soiléir ón mhéid atá ráite aici. Is rud fíorchumhachtach é seo. Is bean láidir stuama í Linda freisin. Tá Lá Idirnáisiúnta na mBan beagnach linn agus is maith an rud e gur féidir linn aird a tharraingt ar bhean cosúil le Linda ag obair le mná eile agus ag tabhairt cabhair dóibh.

Ba mhaith liom aird a tharraingt ar a cuid oibre agus ar obair a comhghleacaithe freisin. Go háirithe, molaim an méid a rinne siad chun Naíscoil na Seolta a bhunú le déanaí agus chun an Ghaeilge a bhronnadh ar an gcéad glúin eile. Tuigim nach raibh sé éasca agus na fadhbanna a bhí os a gcomhair. Ba mhaith liom ceannasaíocht Linda ó thaobh na cluichí Gaelacha a mholadh freisin. Tá sárobair á déanamh aici leis an gclub Cumainn Lúthchleasa Gael in oirthear Bhéal Feirste freisin. Tá borradh ag tarlú i mBéal Feirste faoi láthair ó thaobh na Gaeilge de agus tá Linda i gcroílár an bhorrtha sin. Tá sé fíorthábhachtach go n-achtófar reachtaíocht do chearta teanga chomh tapa agus is féidir chun tacaíocht a thabhairt don fhás sin agus do na daoine atá ag déanamh sár-iarracht chun an teanga a fháil agus chun rudaí breise a chur os comhair an phobail. Gabhaim buíochas le Linda as a bheith linn. Táimid anseo chun éisteacht léi. Lean ort le do sárobair; change is coming.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.