Seanad debates

Tuesday, 1 March 2022

Gnó an tSeanaid - Business of Seanad

 

2:30 pm

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Fine Gael) | Oireachtas source

Sula nglaoim ar Cheannaire an Tí, tá ráiteas beag le léamh agam faoi Sheachtain na Gaeilge agus na grúpaí stiúrtha. Cuirtear tús inniu le Seachtain na Gaeilge, an fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge lena ndéantar ceiliúradh ar ár dteanga agus ár gcultúr dúchais. Leanann Seachtain na Gaeilge ar aghaidh ón 1 Márta go dtí Lá Fhéile Pádraig agus, le linn an ama sin, iarraim ar Sheanadóirí an Ghaeilge a úsáid sna himeachtaí aon am is féidir leo. Tá sé sin iontach tábhachtach.

Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh freisin chun a chur in iúl do Chomhaltaí go bhfuil grúpaí stiúrtha bunaithe anois don Seanad agus don Dáil d’fhonn úsáid na Gaeilge sna himeachtaí sa dá Theach a chur chun cinn. Is cuid den tionscnamh 'An Ghaeilge sa Teach', gníomh ríthábhachtach i Straitéis na Gaeilge, 2021, iad na grúpaí sin. Déanfar na grúpaí stiúrtha a sheoladh an tseachtain seo chugainn agus beidh an Leas-Cheann Comhairle agus mise mar Leas-Chathaoirleach an tSeanaid, faoi seach, ina gcathaoirligh ar na grúpaí sin. Beidh mise i mo chathaoirleach ann. Guím gach rath ar na grúpaí ina gcuid oibre leis an gcuspóir tábhachtach seo thar ár gceann. Tá sé sin an-tábhachtach. Molaim díobh giota beag Gaeilge a úsáid an tseachtain seo. Úsáidigí cúpla abairt aon seans a fhaigheann sibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.