Seanad debates
Wednesday, 8 December 2021
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh - Official Languages (Amendment) Act 2019: Report and Final Stages
10:30 am
Niall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source
Tairgim leasú Uimh. 3:
I leathanach 11, líne 6, an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “a bheidh an chumarsáid.”: “I gcás gur i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh an chumarsáid, cinnteoidh an comhlacht poiblí:(a) go mbeidh an téacs i nGaeilge ann ar dtús;
(b) go mbeidh an téacs i nGaeilge chomh feiceálach, chomh sofheicthe agus chomh hinléite céanna leis an téacs i mBéarla agus sa chlófhoireann chéanna agus den chló céanna agus den stíl chéanna;
(c) nach mbeidh na litreacha sa téacs i nGaeilge níos lú, ó thaobh méide de, ná na litreacha sa téacs i mBéarla;
(d) maidir leis an téacs i nGaeilge, cuirfidh sé in iúl an fhaisnéis chéanna leis an bhfaisnéis a chuireann an téacs i mBéarla in iúl;
agus
(e) nach ndéanfar focal sa téacs i nGaeilge a ghiorrú mura rud é go bhfuil an focal sa téacs i mBéarla, ar aistriúchán air é, giorraithe freisin.”.
No comments