Seanad debates

Wednesday, 8 December 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh - Official Languages (Amendment) Act 2019: Report and Final Stages

 

10:30 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Pléifidh mé leasuithe Uimh. 1 go 4, go huile, le chéile toisc gur ar an ábhar céanna iad. Is leasú riaracháin atá i gceist le leasú Uimh. 1 atá ag iarraidh an téacs a leasú ó “tríd an bhfo-alt” go dtí “trí na fo-ailt” toisc go mbeidh fo-ailt bhreise curtha isteach tar éis alt 9(3) den phríomh-Acht. Déanfar tuilleadh plé ar na ceisteanna substainteacha a bhaineann leis an bhfo-alt nua agus muid ag déanamh plé ar leasú Uimh. 4, a bheidh á mholadh agam don Teach inniu. Molaim an leasú don Teach.

Maidir le leasú Uimh. 2, is leasú riaracháin atá i gceist sa chás seo chomh maith. Táthar ag iarraidh an téacs a leasú ó “i mBéarla agus i nGaeilge" go dtí “i nGaeilge agus i mBéarla" ar mhaithe le leanúnachas téarmaíochta tríd an mBille. Molaim an leasú seo don Teach.

Maidir le leasú Uimh. 3, gabhaim buíochas leis na Seanadóirí as ucht an leasaithe ach, toisc go bhfuil mo leasú féin agam, leasú Uimh. 4, a chlúdaíonn an t-ábhar seo, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Is leasú é Uimh. 4 a mhol na Seanadóirí Kyne, Clifford-Lee, Ó Donnghaile, Warfield, Boylan agus Gavan ar Chéim an Choiste sa Teach seo. Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí sin as ucht an leasú seo a mholadh don Teach. Dúirt mé ar Chéim an Choiste gur shíl mé go bhféadfadh fiúntas a bheith leis an leasú seo le cinntiú nach mbeidh aon chúlú ann ó thaobh na Gaeilge de agus go mbeidh an stádas céanna ag an teanga is atá ag an mBéarla. Tá an leasú seo i gcomhréir le huaillmhian bheartais foriomlán an Stáit maidir le tacú leis an nGaeilge agus maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn. Go deimhin, is leasú é seo atá pléite ag oifigigh mo Roinne le Conradh na Gaeilge le seachtainí beaga anuas. De bharr sin, ba mhaith liom go mbeidh sé sonraithe sa Bhille, i gcás go ndéanfaí gach comhlacht poiblí cumarsáid i nGaeilge agus i mBéarla i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach leis an bpobal chun faisnéis a thabhairt don phobal nó chun margaíocht a dhéanamh ar an gcomhlacht poiblí nó ar a chuid seirbhísí leis an bpobal, go gcinnteoidh an comhlacht, maidir leis an gcuid den téacs a bheidh i nGaeilge, nach mbeidh sé i gcló níos lú ná an chuid den téacs a mbeidh i mBéarla agus go mbeidh sí chomh feiceálach, chomh hinfheicthe agus chomh hinléite céanna leis an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla agus, más rud é, maidir leis an téacs a bheidh i nGaeilge, go mbeidh cuid de giorraithe, beidh an chuid den téacs a bheidh i mBéarla, arb í an t-aistriúchán ar an téacs giorraithe sin í, giorraithe freisin.Cé nach bhfuil gach gné den leasú a mhol na Seanadóirí ag Céim an Choiste clúdaithe sa leasú seo atá curtha síos agam, sílim go ndéanfaidh sé an beart chun stádas cuí a thabhairt don Ghaeilge. Molaim an leasú seo don Teach. B'fhéidir go mbeidh na Seanadóirí sásta a leasú féin a tharraingt siar.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.