Seanad debates

Wednesday, 8 December 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh - Official Languages (Amendment) Act 2019: Report and Final Stages

 

10:30 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach Seanadóir a labhair le linn na díospóireachta ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 sa Teach seo. Is mian liom an deis a thapú chun buíochas speisialta a chur in iúl don Seanadóir Kyne, iar-Aire Stáit le freagreacht as an nGaeltacht, a d'fhoilsigh an Bille seo dhá bhliain ó shin. Tá a fhios agam gur chuir an Seanadóir go leor oibre isteach sa Bhille agus ba mhaith liom m'aitheantas a thabhairt don obair sin.Sular dréachtaíodh an Bille seo, cuireadh tréimhse chomhairliúcháin ar bun leis na páirtithe leasmhara éagsúla. Leagadh na ceannteidil faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na hOileáin agus foilsíodh tuarascáil an chomhchoiste ag eascairt as an bpróiseas sin roimh dheireadh 2018. Ba mhór an chabair í tuarascáil an chomhchoiste d'oifigigh mo Roinne agus an Bille á dhréachtú acu agus gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as an ionchur luachmhar sin sa phróiseas.

I mí na Nollag 2019, foilsíodh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Cuireadh tús leis an Dara Céim agus thug an Seanadóir Kyne léargas cuimsitheach ar an mBille do na Tithe ag an tráth sin. Rinneadh an-obair ar an mBille atá faoinár mbráid inniu agus ar na leasuithe a rinne mé chun é a neartú. Gheall mé go dtabharfaí an Bille is láidre chun cinn agus tá mé sásta go bhfuil an gealltanas sin comhlíonta agam anois. Bhí oifigigh mo Roinne an-choinsiasach ina leith agus cuireadh tréimhse chomhairliúcháin ar bun leis na páirtithe leasmhara agus ionchur faighte acu ó réimse leathan de gheallsealbhóirí, an Coimisinéir Teanga san áireamh. Táim muiníneach go n-aontóidh na Seanadóirí liom nuair a deirim go bhfuil an toradh seo ríthábhachtach do thodhchaí na Gaeilge agus go gcabhróidh an Bille seo leis an Ghaeilge a láidriú agus a neartú sa státchóras ionas go mbeidh seirbhísí Gaeilge d'ardchaighdeán ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Is lá suntasach é seo ach níl ann ach tús na hoibre. Caithfimid tosú le gníomh ceart agus forálacha an Bhille a chomhlíonadh. Ní mór dúinn an Bille a fhaomhadh go críochnaitheach sa Dáil roimh dó bheith sínithe ag an Uachtarán, ach beidh oibleagáidí orainn go léir maidir lena fhorfheidhmiú. Tá muid ag tosú ó áit mhaith mar gur oibríomar i gcomhar lena chéile ar an mBille seo le cúpla bliain anuas. In éineacht le hAcht na Gaeltachta, 2012 agus an próiseas pleanála teanga a eascraíonn as, leagann an Bille seo bunsraith síos dúinn, mar Stát, chun fíor cheannaireacht a léiriú i dtaobh na teanga a chaomhnú do na glúnta atá le teacht.

Gabhaim mo bhuíochas arís leis na Seanadóirí uilig as ucht a bheith rannpháirteach sa díospóireacht agus plé fiúntach a bheith againn ar an mBille sa Teach seo. Gabhaim buíochas le m'oifigigh sa Roinn as an tsárobair a rinne siad ar an mBille agus gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as ucht a chomhoibrithe ar an ábhar tábhachtach seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.