Seanad debates

Wednesday, 8 December 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh - Official Languages (Amendment) Act 2019: Report and Final Stages

 

10:30 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí as ucht an leasaithe seo. Is leasú de chuid an Rialtais a bhí san alt seo agus, dar liom, tá an fhoclaíocht atá ann sásúil mar atá. Mar is eol don Teach, tá sá i gceist coiste reachtúil, an coiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge, a bhunú chun tacú leis an obair seo. Leagtar amach feidhmeanna an choiste chomhairligh sa Bhille, lena n-áirítear plean náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Chomh maith leis sin, tá mo Roinn ag féachaint lena chinntiú go mbeidh formhaoirsiú níos fearr ann tríd an gcoiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge a thabhairt isteach agus tríd ionad tiomnaithe a bhunú laistigh den Roinn a chuirfidh cur i ngníomh an bheartais ar a bhfuil an tAcht fothaithe chun tosaigh. Meastar go mbeidh cur chuige níos dinimiciúla ann mar thoradh ar na bearta seo maidir leis an líon cainteoirí Gaeilge agus maidir leis na seirbhísí Gaeilge san earnáil phoiblí a mhéadú. Táim muiníneach go gcuirfidh bunú an choiste chomhairligh go mór leis an gcaidreamh oibre a bhí ann cheana idir mo Roinn, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Léirítear leis sin freisin sprioc an Rialtais chun an cion cainteoirí Gaeilge a earcófar chuig comhlachtaí poiblí a mhéadú go 20%, a fhágfaidh go dtiocfaidh méadú ar an gcumas a bheidh ag comhlachtaí poiblí seirbhísí a sholáthar i nGaeilge do chainteoirí Gaeilge agus do phobail Ghaeltachta.

Rinne mé tagairt don phlean náisiúnta níos túisce. Faoin bplean sin déanfar taighde chun bonnlíne a bhunú agus cinnteoidh staidéar breise gur féidir linn monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn le himeacht ama. Seans nach mbeadh dul chun cinn le feiceáil i dtréimhse ghearr ama, áfach, ach is togra fadtéarmach é seo agus beidh dul chun cinn le feiceáil sa staidéar a bheidh déanta síos an bóthar.

Glacaim leis an bpointe atá á dhéanamh ag an Seanadóir sa chás seo ach caithfimid a bheith réalaíoch faoin fhad a thógann sé comórtas earcaíochta a chur ar bun agus a reáchtáil. Sílim go bhfuil cúig bliana níos réadúla ná trí bliana. Má thógann muid an comórtas d’ardoifigigh fheidhmiúcháin idir-rannach a ritheadh in 2020 mar shampla, tá iarrthóirí fós á earcú ón bpainéal sin agus muid ag druidim ar 2022. Creidim go láidir go mbeidh na céimeanna thuasluaite ríthábhachtach chun sprioc an Rialtais a bhaint amach agus is ar an mbonn sin nach mbeidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.