Seanad debates

Wednesday, 8 December 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh - Official Languages (Amendment) Act 2019: Report and Final Stages

 

10:30 am

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Arís, is leasú é seo a mhol an Seanadóir Seán Kyne. Tá súil agam, i ndáiríre, nach bhfuil sé chun vótáil in éadan a chuid moltaí go léir díreach toisc go bhfuil neamhaird déanta orthu ag an Aire Stáit ar an drochuair. Thacaigh Sinn Féin leis an leasú seo an uair dheireanach. Is leasú iontach simplí é chun a chinntiú go ndéanfar eolas a chur ar fáil faoi dhul chun cinn an phlean náisiúnta agus an sprioc 20% faoi 2030 ag tús an phróisis, trí bliana ina dhiaidh agus arís trí bliana ina dhiaidh sin. Mar a dúirt an Seanadóir Kyne ar Chéim an Choiste:

Níl ann ach rud a chinnteodh go mbeadh níos mó eolais againn faoi conas mar atá rudaí ag dul agus go mbeadh monatóireacht níos fearr ar fáil. Tar éis cúig bliana, beidh leath an ama idir seo agus 2030 imithe.

Dúirt sé ag an am go raibh díomá air nár glacadh leis an leasú. Beidh díomá ormsa agus ar a lán daoine eile mura nglactar leis ag an bpointe seo.Is leasú thar a bheith réasúnta é agus bheadh sé ar dóigh dá dtig leis an Aire Stáit léiriú inniu go mbeadh sé sásta glacadh leis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.