Seanad debates

Wednesday, 8 December 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh - Official Languages (Amendment) Act 2019: Report and Final Stages

 

10:30 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Maidir le leasú Uimh. 11, ní bheidh mé á ghlacadh toisc go bhfuilim den tuairim nach bhfuil gá lena leithéid de leasú. Tá an Rialtas tiomanta chun an Bhille seo a chur chun cinn. Gheall muid anuraidh go dtabharfadh muid Bille níos láidre chun cinn, rud atá á dhéanamh agam. I mo thuairimse, tá córas faireacháin den scoth beartaithe agam leis an méid atá sa Bhille cheana féin.

Mar a mhínigh mé ar an Dara Céim, beidh suíocháin ag oifigigh de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar an gcoiste agus táim muiníneach go mbeidh siad in ann tuairisciú ar ais chuig an Aire maidir leis an obair thábhachtach a bheidh ar bun. Chomh maith leis sin, beidh an coiste ag tuairisciú chuig an Rialtas maidir leis an dul chun cinn a dhéanfar. Mar atá ráite agam go minic, is freagracht tras-Rialtais a bhaineann leis an mBille seo agus beidh dualgas ar gach Roinn agus Aire maidir lena fhorfheidhmiú nuair a bheidh sé achtaithe. Tá an Rialtas tiomanta i leith an Bhille seo. Tá an plean earcaíochta a bhfuil foráil déanta ina leith sa Bhille luaite go sonrach i Straitéis Athnuachana na Státseirbhíse 2030 de chuid an Rialtais. Sa phlean sin leagtar amach:

Is deis é neartú reachtaíocht teangacha oifigiúla agus an tiomantas chohórt na gcainteoirí Gaeilge sa Státseirbhís a mhéadú chun leibhéal seirbhíse feabhsaithe a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht araon.

Faoi alt 18F(4) den Bhille mar a sheasann sé faoi láthair, tá dualgas ar an Aire cóip den tuarascáil réitithe ag an gcoiste comhairleach agus cóip den tuairisc fhaireacháin ullmhaithe ag Oifig an Choimisinéara Teanga a leagan faoi bhráid an Oireachtais. Ar an mbonn sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.