Seanad debates

Wednesday, 8 December 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh - Official Languages (Amendment) Act 2019: Report and Final Stages

 

10:30 am

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Is leasú é seo a mhol an Seanadóir Kyne ar Chéim an Choiste ach a tharraing sé siar in ainneoin nach raibh éisteacht ar bith ar an drochuair tugtha ag an Aire Stáit dó. Dúirt sé ag an am nach raibh sé sásta é a tharraingt siar agus go raibh díomá air faoin easpa suime a chur an tAire Stáit sa leasú ag an am fosta. D'iarr sé ar an Aire Stáit a leasú féin a thabhairt isteach ar an staid seo chun freagracht an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a chinntiú, ach ní dhearna an tAire Stáit tabhairt faoi sin. Thacaigh Sinn Féin leis an leasú ar Chéim an Choiste, agus táimid á chur arís anois ionas gur féidir plé ceart a dhéanamh ar an ábhar seo.

Dúirt an Seanadóir Kyne coicís ó shin go raibh faitíos air go mbeidh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe sásta aon cheist a fhágáil faoin gcoiste comhairleach agus cúrsaí earcaíochta laistigh den choiste comhairleach a fhágáil don Aire Gaeltachta. Tá sé tábhachtach go mbeadh ról láidir agus lárnach ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe san earcaíocht agus go mbeadh an coiste seo ag feidhmiú go héifeachtach. Dúirt an Seanadóir:

Má táimid chun na spriocanna atá leagtha amach a bhaint amach, ar nós an céatadán de 20% a bheidh earcaithe a bheith líofa sa Ghaeilge agus a bheith in ann Gaeilge a úsáid sa tSeirbhís Phoiblí roimh 2030, caithfear ról lárnach a bheith ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Mhol sé go gcinnteodh an leasú seo "go mbeadh an tAire ar an eolas agus go mbeadh suim aige nó aici ann toisc go mbeadh sé nó sí freagrach don Dáil as an gcoiste comhairleach seo." Nílimid ag iarraidh nach mbeidh sa choiste chomhairleach seo ach quango nó talking shop eile. Ní bhaineann sé seo le hAire ar leith. Bíonn Airí ann atá suim acu sa Ghaeilge agus Airí ann nach mbíonn suim ar bith acu sa Ghaeilge, ach ba chóir ar a laghad go mbeadh freagracht ag an Aire atá i gceannas ar sheirbhísí Stáit agus earcaíocht as seirbhísí Stáit agus earcaíocht chun freastal ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Impím ar mo chomhghleacaithe an leasú seo a ghlacadh, agus go háirithe go ndéanfaidh an Seanadóir Kyne vótáil ar son a leasú féin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.