Seanad debates

Wednesday, 24 November 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

 

10:30 am

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent) | Oireachtas source

Tacaím leis an leasú seo ó Shinn Féin. Nuair a smaoinítear air, tá sé dochreidte nach mbeadh dualgas ar dhuine atá ag obair i ról chomh tábhachtach le garda i gceantar Gaeltachta a gcuid gnó a dhéanamh agus déileáil le daoine eile trí Ghaeilge más gá agus nuair is gá. Is é sin an bunchaighdeán ar chóir dúinn a bheith ag leagan amach.

Bhí díospóireacht cosúil leis seo againn cúpla bliain ó shin ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán. Bhíomar ag cur ceisteanna ar údaráis Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an mbeadh sé de dhualgas orthu go mbeadh Gaeilge ag an té a cheapfaí mar uachtarán an choláiste. Tá Gaeilge bhreá ag uachtaráin an choláiste faoi mar atá sé, ach más buan mo chuimhne, bhí leisce ar na húdaráis glacadh leis gur chóir go mbeadh sé ann mar riail acu. Bhíodh sé go mbeadh Gaeilge ag an té a cheaptaí mar uachtarán nó go mbeadh deis ag an té a cheaptaí í a fhoghlaim. Is minic go gcuirtí ina choinne sin go mbeadh sé fíorthábhachtach go mbeimid in ann an duine is fearr a fháil don phost. I gcomhthéacs ollscoile, má tá duine mór taighde, le scileanna agus atá an-éifeachtach agus cumasach a bheadh an-mhaith don institiúid ach nach bhfuil Gaeilge aige nó aici, shílfeá go mbeadh an duine in ann feabhas áirithe a chur ar a chuid nó a cuid Gaeilge laistigh de thréimhse ama. Ba chóir go mbeadh an deis aige no aici agus go gcuirfí na hacmhainní ar fáil chun é seo a dhéanamh.

Dá bhféadfaimis díospóireacht den sórt sin a bheith againn i gcomhthéacs uachtarán ollscoile, nach bhfuil sé i bhfad níos tábhachtaí má tá garda ag feidhmiú i limistéar Gaeltachta agus nach bhfuil Gaeilge aige nó aici? Mhothófaí go mbeadh dímheas á léiriú ag údaráis na tíre. Seasann na gardaí don údarás poiblí. Tá sé fíorthábhachtach ó thaobh an dea-chaidrimh idir na gardaí agus an pobal. Muna bhfuil an duine atá ag obair i stáisiún na ngardaí in ann déileáil leis an té sa chéad teanga oifigiúil náisiúnta i gcomhthéacs limistéar Gaeltachta, tá fadhb ann. Baineann sé le clú agus cáil na ngardaí agus lena gcumas an jab a dhéanamh i gceart agus go maith agus go mbeadh muinín ag an bpobal astu agus mar sin de.

Tá sé an-réasúnta go deo a rá gur chóir go mbeadh dualgas dleathach ar an gCoimisinéir a chinntiú go bhfuil gach duine lonnaithe i stáisiún i gceantar ina bhfuil limistéar Gaeltachta ar áireamh sách inniúil sa Ghaeilge. Níl an leasú seo ag moladh gur ollamh le Gaeilge a bheadh i gceist, ach ba chóir go mbeadh duine sách inniúil chun an jab a dhéanamh. Muna bhfuil sé nó sí sách inniúil, ba chóir go mbeadh an deis ag agus an dualgas ar an duine an inniúlacht chuí a bhaint amach má tá sé nó sí ag feidhmiú sa limistéar sin.

Chaith mé seachtainí iontacha amuigh in Áras Mháirtín Uí Chadhain i nGaillimh ar an gCeathrú Rua le linn dom a bheith san ollscoil. Cé nach raibh Gaeilge á dhéanamh agam mar ábhar céime, bhí scéim acu ag an am le cinntiú go mbeadh daoine a bheadh ag obair sa Ghaeltacht - bíodh iad ina innealtóirí nó ina lucht leighis nó ina múinteoirí - in ann seirbhís a thabhairt don phobal ina teanga féin. Tá sé seo bunúsach ó thaobh caomhnú agus daingniú na teanga, agus spreagadh a thabhairt do na daoine. Fiú an tseachtain seo caite bhí mé ag sochraid i gConamara agus bhuail mé isteach ag bean an tí lenar fhan mé le na blianta ó shin. Dúirt sí go bhfuil múinteoirí ag fanacht lena hiníon. Is múinteoirí iad atá ag déanamh cúrsa sa Ghaeltacht ionas go mbeidh siad in ann an jab a dhéanamh.

Mar sin, ní thuigim ó thalamh an domhain cén fáth nach bhfuilimid sásta leis an leasú seo. Táimid ag rá go bhfuilimid ag iarraidh a bheith uaillmhianach maidir leis an mBille seo, leis na spriocanna agus le cur chun cinn na Gaeilge, ach táimid ag teip ar an leasú deireanach seo agus measaim gur mór an trua é. Ba bhreá liom go ndéanfadh an maorlathas anseo machnaimh ar an gceist seo agus go mb’fhéidir go dtiocfadh siad ar ais le scéal níos fearr chugainn ar an gcéad Céim eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.