Seanad debates

Wednesday, 24 November 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

 

10:30 am

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 36:

I leathanach 45, líne 11, an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “de mhír 1(5)”,”: “agus trí “Banc Ceannais na hÉireann agus gach comhlacht a bheidh faoina rialú agus ag feidhmiú mar bhanc miondíola a fhaigheann airgead go díreach ó Aire den Rialtas, ó Roinn Stáit, ón bPríomh-Chiste nó ó chomhlacht poiblí eile in imthosca inarb éard é an méid, nó comhiomlán na méideanna, a fhaightear amhlaidh 20 faoin gcéad nó níos mó de chaiteachas reatha an chomhlachta, na heagraíochta nó an ghrúpa sin i mbliain airgeadais, nó a bhfuil tromlach na scaireanna inti á shealbhú ag Aire den Rialtas nó thar ceann Aire den Rialtas” a chur in ionad “Banc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann”.”.

Déanfaidh an leasú seo dhá rud a athrú sa chéad sceideal. Déanfar tagairt d’Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann a scrios toisc nach ann dó a thuilleadh mar is cuid é de Bhanc Ceannais na hÉireann atá luaite cheana féin. Anuas air sin cuimseoidh sé aon bhanc miondíola a fhaigheann airgead ón Stát os cionn 20% de chaiteachas reatha. Le linn na géarchéime eacnamaíochta tháinig a lán bainc faoi scáth an Stáit agus ní minic a bhaineann an Stát úsáid as an úinéireacht sin chun seirbhísí a fheabhsú do chustaiméirí. Faoi láthair, fiú amháin, tá seirbhísí bainc ar fud an Stáit á ndúnadh síos ag bainc atá tar éis na billiúin a fháil uainn.

Sa leasú seo, caithfear leis na bainc mhiondíola den chineál seo ar nós gur comhlachtaí poiblí iad maidir le dualgais teanga. Mar sin, bheadh ceart ag custaiméirí cumarsáid a fháil trí Ghaeilge agus nuair a chuirtear na forálacha sa Bhille seo i bhfeidhm beidh dualgais ar na bainc seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge sa Ghaeltacht agus ainmneacha i nGaeilge a aithint chomh maith. Cuirfidh sé seo leis an nGaeilge sa saol gnó agus le cearta teanga an duine i gcás earnála ríthábhachtaí i saol an duine agus léireoidh sé go bhfuil dualgais ag bainc a fhaigheann tacaíocht ón Stát.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.